Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Maoiniú Inbhuanaithe CTE

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tiomanta do thacú le samhlacha maoinithe inbhuanaithe sa Chlár Tacaíochta Eisimirceach (CTE) agus, tar éis dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gClár in 2017, tá roinnt treoirlínte curtha i bhfeidhm againn chun tacú leis an gcuspóir sin, ag teacht leis an dea-chleachtas.

Ó thaobh eagraíochtaí CTE, baineann maoiniú inbhuanaithe lena chinntiú go seasfaidh eagraíocht an fód san fhadtréimhse. Is mó i bhfad atá i gceist leis an inbhuanaitheacht ná dóthain airgid a fháil ó lucht maoinithe. Éilíonn sí pleanáil éifeachtach agus bainistíocht airgeadais stuama chomh maith le tuiscint ar cé na deiseanna maoinithe agus ioncaim atá ar fáil, agus a bheith toilteanach éagsúlú a dhéanamh chucu siúd nuair is féidir.

Ó thaobh na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, is éard atá i gceist le maoiniú inbhuanaithe ná a chinntiú nach mbeidh eagraíochtaí ag brath an iomarca ar an gClár Tacaíochta Eisimirceach chun maoiniú a fháil. Ina theannta sin, baineann sé lena chinntiú go bhfuil an luach is fearr á bhaint ag eagraíocht as maoiniú CTE agus go bhfuil an úsáid is fearr á baint as cistí teoranta CTE.

Ag teacht leis na hábhair bhreithnithe sin, tá roinnt treoirlínte ag CTE do mheasúnóirí deontais maidir le maoiniú inbhuanaithe. Baineann cuid de na treoirlínte seo le nithe dearfacha a mbíonn measúnóirí deontais ag faire amach dóibh. Baineann roinnt treoirlínte le nithe diúltacha, a ndéanann na measúnóirí iarracht iad a sheachaint a mhéid is féidir.

Uasteorainneacha Tuarastail

Is mian leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála nach mbeidh poist a bhfuil tuarastail ag gabháil leo ag brath an iomarca ar mhaoiniú CTE. Ní bhreithneoidh an Clár Tacaíochta Eisimirceach iarratais ar sciar de thuarastail agus caiteachas athfhillteach eile a íoc ach amháin i gcomhthéacs tionscadal atá sainithe go soiléir agus a gcomhlíonann a thorthaí cuspóirí an Chláir.

Go ginearálta, ní íocaimid 100% de na costais tuarastail ar leith, agus cé go meastar gach iarratas ar a fhiúntas féin, measaimid gur uasteorainn chuí é 80% d'aon tuarastal ar leith a mhaoiniú i bhformhór na gcásanna. 

Méaduithe Tuarastail

Aithníonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go mbeidh cásanna ann ina bhféadfadh costas poist méadú. I gcásanna ina dtugtar méaduithe tuarastail ar aird, agus ina bhfuil maoiniú á lorg i gcomhair tuarastal, ba cheart cás gnó láidir a dhéanamh mar chuid den iarratas.

Straitéisí Tiomsaithe Airgid

Ba cheart tiomsú airgid a bheith ina chuid dhílis d'obair na heagraíochta agus ba cheart é a bheith ina sprioc straitéiseach dá cuid. Ó thaobh an mheasúnóra deontais, breathnaítear go fabhrach ar eagraíochtaí a bhfuil straitéisí tiomsaithe airgid acu agus ar éirigh leo. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina léiríonn eagraíocht a gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar bhealaí a chomhlíonann a cuid oibríochtaí ó lá go lá. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí leas a bhaint as méadracht shoiléir in iarratais ar mhaoiniú, nó trí chás-staidéir a úsáid chun tacaíocht an phobail a lorg, nó trí imeachtaí a óstáil lena dtugtar le chéile cliaint agus deontóirí nó deontóirí féideartha.

Baineann tábhacht le ról an bhoird agus na foirne bainistíochta maidir le forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar straitéisí agus ar spriocanna tiomsaithe airgid agus d'fhéadfaidís, i measc eile, smaoineamh ar an méid seo a leanas a leagan síos:

  • Cothromaíocht chuí idir foinsí éagsúla ioncaim de bharr tiomsú airgid, mar shampla, maoiniú ó institiúidí le hais tiomsú airgid ón bpobal
  • Cad iad na modhanna tiomsaithe airgid a oireann don eagraíocht?
  • Spriocanna réalaíocha maidir le tiomsú airgid agus bearta chun cuidiú iad a bhaint amach

Éagsúlú maidir le Tiomsú Airgid

Níos mó agus níos mó, tá measúnóirí deontais ag féachaint ar éagsúlú maoinithe mar tháscaire ar inbhuanaitheacht na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh sruthanna ioncaim éagsúla ag formhór na n-eagraíochtaí, cé gur minic go mbíonn foinse nó dhó níos láidre ná na cinn eile. Ach foinsí maoinithe éagsúlú a bheith ag eagraíocht agus cur lena líon, is lú an riosca atá i gceist agus ní bhítear ag brath chomh mór ar aon mhaoinitheoir amháin. Fágann sé sin go bhfuil éagsúlú den sórt sin ríthábhachtach d'inbhuanaitheacht na heagraíochta agus is maith le measúnóirí deontais an t-éagsúlú a fheiceáil toisc gur comhartha é gur eagraíocht ghairmiúil atá i gceist a bhfuil ag éirí go maith léi.