Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Dea-chleachtas

Is féidir teacht ar acmhainní maidir leis an dea-chleachtas i gcarthanachtaí agus in eagraíochtaí neamhbhrabúis ar a lán láithreán gréasáin agus ina lán tíortha. Cé go bhfuil difríochtaí i gceist ó thír go tír, tá gnéithe coitianta is féidir a aithint, mar shampla:

  • Bainistíocht agus Rialachas an Bhoird
  • Airgeadas, Meastóireacht agus Tuairisciú
  • Tiomsú Airgid Inbhuanaithe

Ní mór cloí leis an dea-chleachtas ionas go mbeidh eagraíocht phobail, eagraíocht dheonach nó eagraíocht charthanachta Éireannach ar bith inbhuanaithe agus go n-éireoidh léi. Tá dhá eagraíocht a mbaineann fiúntas ar leith leo in Éirinn ar féidir leo comhairle agus acmhainní a thairiscint d'eagraíochtaí Éireannacha, cibé áit a bhfuil siad:

Is acmhainn é An Cód Rialachais chun cuidiú le heagraíochtaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí carthanachta Éireannacha cur lena gcumas foriomlán maidir le reáchtáil na heagraíochta. Is cód deonach é a chuirtear ar fáil saor in aisce do gach bord agus coiste de chuid grúpaí neamhbhrabúis d'fhonn iad a spreagadh chun cloí leis an dea-chleachtas agus a ngnóthaí á mbainistiú acu.

Tá an Cód curtha le chéile ag daoine a bhfuil taithí fhorleathan acu in earnáil na n-eagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanachta Éireannacha agus cuireann sé san áireamh na cineálacha éagsúla eagraíochtaí atá i réimse éagsúil na hoibre deonaí ar fud na tíre. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar an láithreán gréasáin atá acu, áit ar féidir leat a fháil amach cén cineál eagraíochta sibh féin agus cé na céimeanna is gá daoibh a ghlacadh.

Is comhlacht tacaíochta agus ionadaíochta é The Wheel a nascann eagraíochtaí pobail, deonacha agus carthanachta Éireannacha ar fud na hÉireann le chéile. Bunaíodh The Wheel in 1999, agus tá sé tagtha chun cinn mar ionad acmhainne agus fóram don earnáil phobail, dheonach agus charthanachta in Éirinn. Tá treoracha éagsúla ar fáil uaidh ina bhfuil comhairle phraiticiúil agus faisnéis d'eagraíochtaí de gach cineál.

Tá dhá threoir a chuidíonn go háirithe le heagraíochtaí atá ag déanamh iarratas ar mhaoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach: Treoir Rialachais agus Treoir maidir le Maoiniú (i mBéarla). Tugann na treoracha sin comhairle agus faisnéis atá praiticiúil agus réalaíoch maidir le conas is féidir leat d'eagraíocht a fheabhsú chun féachaint chuige go bhfuil sibh ag cloí leis an dea-chleachtas.