Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Imeachtaí Chultúr na hÉireann

Is cuid mhór den fhéiniúlacht Éireannach é an cultúr, agus tá cáil orainn mar náisiún a bhuíochas dár scríbhneoirí, aisteoirí agus ealaíontóirí.

Irish Cultural events

Cultúr Éireann

Aithníonn Cultúr Éireann tábhacht an chultúir agus na féiniúlachta cultúrtha dár n-eisimircigh. Tacaíonn sé le himeachtaí ealaíon a thugann deis thábhachtach chun caidreamh a dhéanamh leis an diaspóra agus tacú leo a gceangail chultúrtha le hÉirinn a choinneáil.  Láithreán gréasáin: www.cultureireland.ie

Yeats 2015

Tugann Yeats 2015 deis uathúil chun Éire a cheiliúradh, trí bhíthin ceann dár mórphearsa cultúir is mó clú. Tá clár bliana d’imeachtaí cultúrtha agus ealaíne á bheartú chun comóradh 150 bliain  breith an fhile William Butlear Yeats, Éireannach a bhain duais Nobel, a cheiliúradh.

File agus drámadóir a raibh aitheantas idirnáisiúnta aige, bhí an méid seo le rá ag Acadamh Nobel faoi i 1923, 'thug sé léiriú ar spiorad náisiúin iomláin’. Fuair sé Duais Nobel don Litríocht mí na Nollag 1923, an chéad Éireannach a fuair a leithéid. Déanfar an grá a bhí aige d’Éirinn agus d’áiteanna in Éirinn a thug ionspioráid ar leith dó mar Shligeach, Gaillimh agus Baile Átha Cliath, a cheiliúradh freisin mar chuid den chlár. Láithrean gréasáin: www.yeats2015.com