Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Daoine a rugadh thar lear

Má rugadh tú lasmuigh d’Éirinn, d’fhéadfá a bheith i dteideal saoránacht Éireannach.

DFA  Irish citizenship

Ar rugadh tú lasmuigh d’Éirinn?

Tá tú i do shaoránach Éireannach go huathoibríoch má bhí duine de do thuismitheoirí ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach a rugadh in Éirinn.

Tig leat teacht chun bheith i do shaoránach Éireannach más rud é go raibh duine de do thuismitheoirí ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach an tráth a rugadh tú, ach nár rugadh in Éirinn é nó í. Má tá tú incháilithe, tig leat do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Coigríche.

Do bhreith a chlárú

Chun do bhreith a chlárú ar Chlár na mBreitheanna Coigríche, ní mór duit:

  1. An treoir Conas Breith Thar Lear a Chlárú a leanúint
  2. D’fhoirm iarratais a chomhlánú ar líne
  3. Cóip de d’fhoirm iarratais a phriontáil amach
  4. D’fhoirm, do dhoiciméadacht tacaíochta agus do sheicliosta, do ghrianghraif agus do tháille a chur chugainn

D’iarratas a chur leis an bpost

Cuir d’iarratas chuig an seoladh atá ar d’fhoirm iarratais. Is é a bheidh sa seoladh sin ceann díobh seo a leanas:

  • An Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit (má tá tú i do chónaí thar lear)
  • An oifig i gCorcaigh (má tá tú i do chónaí i gCúige Mumhan) Teil: 021 494 4763 (10am – 1pm)
  • An oifig i mBaile Átha Cliath (má tá tú i do chónaí in áit eile in Éirinn) Teil: 01 408 2555 (10am – 1pm)

Tabhair ar aird gur chóir comhfhreagras a dhéanamh tríd an bpost, ríomhphost nó teileafón toisc nach bhfuil oifig Bhaile Átha Cliath oscailte don phobal.

Deimhniú ionaid a fháil

Más rud é gur saoránach Éireannach cheana tú trí Chlárúchán Breitheanna Coigríche agus gur gá duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú ionaid, déan teagmháil:

  • Leis an Ambasáid nó leis an gConsalacht Éireannach is gaire duit (má tá tú i do chónaí thar lear)
  • Leis an oifig i gCorcaigh (má tá tú i do chónaí i gCúige Mumhan))
  • Leis an oifig i mBaile Átha Cliath (má tá tú i do chónaí in áit eile in Éirinn)

Tabhair ar aird gur chóir comhfhreagras a dhéanamh tríd an bpost, ríomhphost nó teileafón toisc nach bhfuil oifig Bhaile Átha Cliath oscailte don phobal.