Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Susan Conlon

Sa ról ina bhfuilim faoi láthair i Rannán na hEorpa, bím ag déileáil leis an Méadú agus na Balcáin Thiar, lena n-áirítear an Tuirc. Is iomaí athrú atá tagtha ar an réigiún sin ó ré chogaí na mBalcán na nóchaidí agus tá sé réasúnta cobhsaí i láthair na huaire, a bhuí leis an obair atá ar bun ag na cúig thír is iarrthóir ar bhallraíocht san AE i leith ullmhú don bhallraíocht sin.

Tá an bhallraíocht san Aontas Eorpach ina lóchrann dóchais ag na tíortha sin, agus bímid ag obair i ndlúthpháirt le Buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil agus le hAmbasáidí i réigiún na mBalcán maidir le súil a choinneáil ar an dul chun cinn agus na tíortha sin ag triail bunluachanna Eorpacha – lena n-áirítear cearta an duine agus saoirsí bunúsacha eile – a leabú sa saol laethúil, agus feabhas a chur ar a bhfuil i ndán dá ngeilleagar agus dá sochaí.

Tugann Éire tacaíocht láidir don mhéadú i gcónaí, agus tacaímid go réamhghníomhach le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha. In 2015, chomhroinneamar saineolas Éireannach leis an tSeirbia agus le Montainéagró, dhá thír a bhfuil cuid mhaith den bhóthar curtha díobh acu i dtreo na ballraíochta san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, éascaímid do chuairteanna ó thoscaireachtaí de chuid na mBalcán Thiar ar mian leo eolas a chur ar chóras na hÉireann – bíonn spéis ar leith acu i struchtúr na seirbhíse poiblí agus ar an dul chun cinn geilleagrach: comhroinnimid ár dtaithí leo i réimsí amhail an tionscnamh um Athnuachan na Státseirbhíse agus an réimse beart a glacadh chun téarnamh geilleagrach na hÉireann a chur chun cinn. Sna cruinnithe le toscaireachtaí ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ón tSeirbia anuraidh, bhí deis iontach againn tuairimí a chloisteáil ó chomharsanacht na hEorpa faoi luach na ballraíochta agus faoin dul chun cinn a rinneadh ansin le blianta beaga anuas.