DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/travel. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do São Tomé agus Príncipe, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

São Tomé agus Príncipe

Má tá tú ag taisteal go São Tomé agus Príncipe, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus eolas áisiúil sa mhír comhairle taistil agus san eolas nuashonraithe.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forléargas
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Sláinte
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forléargas

Forléargas

Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta.  Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Taisteal chun São Tomé agus Príncipe

Féadfaidh taistealaithe atá vacsaínithe go hiomlán teacht isteach i São Tomé agus Príncipe gan aon ghá dóibh coraintín a dhéanamh nó toradh diúltach ar thástáil a chur ar fáil. Ba cheart do thaistealaithe nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán toradh diúltach ar thástáil PCR COVID-19 a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig roimh thaisteal dóibh. D’fhéadfadh daoine atá tar éis teacht i dtír nach bhfuil vacsaínithe agus nach bhfuil toradh diúltach ar thástáil PCR acu coraintín a dhéanamh.

Níl feidhm ag na ceanglais iontrála do leanaí atá 3 bliana d’aois agus faoina bhun, sa chás ina bhfuil a dtuismitheoir nó a gcaomhnóir atá in éineacht leo vacsaínithe, nó sa chás ina bhfuil toradh diúltach ar thástáil acu, toradh a rinneadh laistigh de 72 uair an chloig roimh thaisteal dóibh. 

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá roinnt beart COVID-19 ann ag rialtas São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear teorainneacha ar bhailiúcháin phoiblí; maisc a chaitheamh go héigeantach i spásanna poiblí atá dúnta; agus cruthúnas ar vacsaíniú/ceanglas tástála le haghaidh fáilteachais.

Níos mó comhairle

Níl Ambasáid ná Consalacht ag Éirinn i São Tomé agus Príncipe agus mar sin ní féidir linn comhairle taistil mhionsonraithe a dhearbhú chun a chinntiú go bhfuil sé cruinn, ábhartha agus cothrom le dáta. Spreagaimid go ndéanfar do thaighde féin, áfach, agus chun na naisc seo a leanas faoi chomhairle taistil ó aireachtaí eachtracha eile a léamh:

 

 

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh ár dtreoir taistil Eolas Roimh Thaisteal le haghaidh nodanna sábháilteachta áisiúla agus tú ag taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair riosca agus le himní slándála
  • Déan réamhchúraimí ciallmhaire maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas faoi na daoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo i gcás éigeandála

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.

Sláinte

Sláinte

Faigh árachas taistil agus leighis

Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.

Vacsaíní

Fiosraigh faoi na vacsaíní a bheidh ag teastáil ar do thuras ar a laghad ocht seachtaine roimh do thuras. Ní féidir linn comhairle a thabhairt duit ar vacsaíní, ach is féidir leat eolas a fháil ar vacsaíní ó do dhochtúir ginearálta áitiúil nó ó Ionad Sláinte agus Taistil Idirnáisiúnta.

D’fhéadfadh fianaise vacsaínithe (i bhfoirm teastais) a bheith riachtanach le dul isteach i roinnt tíortha.

Cógas

Cinntigh go dtugann tú do dhóthain cógas leat d’fhad an turais, agus cógais bhreise ar eagla go mbeadh moilleanna nach mbeifeá ag súil leo. D’fhéadfá cáipéisí de d’oideas dochtúra a thabhairt leat chomh maith sa chás go gcaillfear do chógas.

Faisnéis Bhreise

Faisnéis Bhreise

Pasanna

Moltar go dtabharfá roinnt fótachóipeanna de do phas leat agus tú ag taisteal chun Sao Tomé agus Príncípe agus ba cheart duit fótachóip de do phas a thabhairt leat i gcónaí le linn d’fhanachta.

Má théann do phas amú nó má ghoidtear é agus tú thar lear, is féidir linn cabhair a thabhairt duit. Beidh tuairisc póilíní ag teastáil más mian leat éileamh a dhéanamh faoi d’árachas taistil. Ní cuirfimid doiciméid taistil nua ar fáil duit mura bhfuil tuairisc agat ó na póilíní

An méid gur féidir linn a dhéanamh:

  • Cáipéis taistil éigeandála le go mbeidh tú in ann dul abhaile
  • Más gá, comhairle agus cabhair a thabhairt duit chun iarratas a dhéanamh ar phas nua

Déanaimid ár ndícheall cabhrú leat chomh tapa agus is féidir linn ach seans go dtógfaidh sé tamall. Tá seans go rachaidh an áit ina bhfuil tú agus do chuid cúinsí i bhfeidhm ar an gcabhair is féidir linn a chur ar fáil. Féadfaidh castachtaí breise a bheith ann i bpróiseáil iarratais le haghaidh doiciméad taistil nua de thoradh nach bhfuil Ambasáid nó Consalacht ag Éirinn i Sao Tomé agus Príncípe .

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid Éireannach Abuja sa Nigéir chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh chun doiciméad taistil nua a fháil. pas.

 

Embassy contact

Embassy Contact

Irish citizens who require urgent assistance while the Embassy is closed can contact the Duty Officer at the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000. The Duty Officer will refer the matter to the Embassy.

Embassy of Ireland
11 Negro Crescent
Maitama District
Abuja
Nigeria

Tel: +234 9 462 1080
Fax: + 234 9 4131805

Monday to Thursday 09:00-16:00; Friday 09:00-12:00

Contact us