Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Luach €5.5 milliún de chúnamh daonnúil fógartha ag na hAirí

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Ciarán Cannon TD, go bhfuil cúnamh daonnúil dar luach €5.5 mhilliún á thabhairt againn chun dul i ngleic le géarchéimeanna daonnúla i Réigiún Loch Shead agus i bPoblacht na hAfraice Láir.

Tabharfaidh Éire €4.3 milliún do chomhpháirtithe lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge mar fhreagra ar an ngéarchéim i Réigiún Loch Shead. Tá an ghéarchéim ag goilleadh ar bhreis is 10 milliún duine ar fud oirthuaisceart na Nigéire, i gCamarún, i Sead agus sa Nígir. Cuirfear €1.2 milliún breise ar fáil don UNHCR chun cuidiú le dídeanaithe as Poblacht na hAfraice Láir chomh maith le daoine atá easáitithe laistigh den Phoblacht féin.

Agus an cistiú á fhógairt aige, dúirt an tAire Coveney:

"Tá easáitiú agus riachtanais dhaonnúla ar leibhéal nach bhfacthas roimhe seo i Réigiún Loch Shead anois de bharr an fhoréigin de chuid Boko Haram, mar aon le frith-oibríochtaí míleata. Bhí tionchar uafásach ag an bhforéigean, chomh maith leis an tearcfhorbairt agus an mbochtaineacht atá i réim le fada an lá, ar na tíortha i Réigiún Loch Shead agus ar Phoblacht na hAfraice Láir, a d'fhág go bhfuil fulaingt agus tráma dochreidte ag goilleadh ar mhuintir na réigiún sin. Tá cáineadh láidir á dhéanamh ag Éirinn ar an bhforéigean i gcoinne daoine neamhurchóideacha.

"Ach tá scéalta dearfacha le hinsint freisin. Níos luaithe i mbliana, ag gníomhú dó mar idirghabhálaí neodrach, thug Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge cúnamh chun 82 cailín a fuadaíodh ó Chibok in 2014 a thabhairt ar ais abhaile. Tá an eagraíocht sin ag obair i gcomhar leis na húdaráis anois chun na cailíní a shocrú síos sa tsochaí arís. Tá scéalta dearfacha mar sin ina gcúis thábhachtach nach mór dúinn coinneáil leis an gcúnamh daonnúil i Réigiún Loch Shead agus i bPoblacht na hAfraice Láir.

Léiríonn fógra cistithe an lae inniu go bhfuil Éire tiomanta don fhreagairt dhaonnúil uaithi dóibh siúd atá buailte ag na géarchéimeanna i bPoblacht na hAfraice Láir agus i Réigiún Loch Shead. Leanfaimid ar aghaidh ag faire go géar ar na cúrsaí sin."

Dúirt an tAire Stáit Cannon:

"Is cúis mhór imní d'Éirinn an ghéarchéim dhaonnúil in Oirthuaisceart na Nigéire agus i Réigiún Loch Shead, atá ar cheann de na géarchéimeanna is measa ar domhan faoi láthair. B'éigean do 2.4 milliún duine a dtithe a fhágáil de bharr foréigin agus easpa sábháilteachta. Tá os cionn 7 milliún duine ar fud an réigiúin nach bhfuil soláthar cinnte bia acu, lena n-áirítear na mílte agus na mílte duine atá i mbaol gorta in áiteanna in Oirthuaisceart na Nígire nach furasta dul chucu.

I bPoblacht na hAfraice Láir, de bharr an foréigean a bheith ag dul i dtreise le déanaí, tá an tír ag teannadh le géarchéim dhaonnúil ollmhór nua. Teastaíonn cúnamh daonnúil ó bhreis agus leath an phobail agus tá níos mó ná 2 mhilliún duine nach bhfuil cinnte den soláthar bia. Tá an t-easáitiú fós á spreagadh ag an bhforéigean, agus cuireadh os cionn 100,000 duine óna gcuid tithe i mí na Bealtaine amháin. Tá beagnach aon mhilliún duine – an ceathrú cuid den daonra – atá easáitithe sa tír féin nó a bhfuil tearmann á lorg acu i dtíortha comharsanacha anois.

CRÍOCH