DFA Logo

This content from the
Department of Foreign Affairs
has now moved to Ireland.ie/irish-diaspora. If you are not redirected in five seconds, click here.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

This content from the Department of Foreign Affairs has now moved to Ireland.ie. This page is no longer being updated.

Poist

Is é príomhthosaíocht Rialtas na hÉireann deiseanna a chur ar fáil chun daoine a chur ar ais ag obair.

Cruthaíodh roinnt tionscnamh treoraithe ag an Stáit chun cuidiú le feasacht faoi na deiseanna atá ar fáil in Éirinn a mhúscailt, á gcomhordú ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Chomh maith leis seo tá roinnt mhaith gníomhaireachtaí earcaíochta ar fud mhargadh na bpost agus poist in Éirinn á dtairiscint acu.

Jobs Ireland

Is éard is Jobs Ireland ná bord post lán-inchuardaithe á reáchtáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Ceadaíonn an suíomh seo d’fhostóirí cur lena bhfolúntais agus do lucht cuardaithe post cuardach a dhéanamh agus raon critéar in úsáid.

Earnáil an TFC

Tá ganntanas scileanna sa tionscal TFC ar fud na hEorpa. Bunaíodh IT’s Happening Here chun deiseanna gairme a chur chun cinn i gcuideachtaí bogearraí ar le hÉireannaigh iad. Is tionscnamh é de chuid na hearnála bogearraí dúchasaí Éireannaí, IT’s Happening Here, a bhfuil tacaíocht Fiontraíocht Éireann aige.

Céimithe

Grad Ireland á chur ar fáil ag Cumann na Seirbhísí Gairme Ardoideachais agus GTI Ireland (comhpháirtí foilsitheoireachta gairme oifigiúil Chumann na Seirbhísí Gairme Ardoideachais) agus is láithreán gréasáin oifigiúil gairme agus post céimithe na hÉireann é.

All About Jobs

Féadfaidh tú clárú le nuachtlitir sheachtainíuil a fháil ar www.merrionstreet.ie, suíomh nuachta an Rialtais. Beidh roinn ar leith anseo All About Jobs a mbeidh an nuacht is deireanaí ann agus eolas úsáideach eile ar obair an Rialtais chun cuidiú le poist a chruthú agus déileáil leis an dífhostaíocht.

Tá dhá phlean comhlántacha ar fud an Rialtais ann chun déileáil le poist – “Plean Gnímh do Phoist 2014” agus “Bealaí chun na hOibre”.

Plean Gnímh do Phoist 2015

Faigh amach an chaoi a n-oibríonn Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí le chéile chun toscaí le poist a chruthú a fheabhsú.

2015 Action Plan for Jobs

Download PDF: 2015 Action Plan for Jobs

Bealaí Chun na hOibre 2015

Seiceáil straitéis cheithre bliana an Rialtais chun líon na ndaoine ar an mBeochlár a laghdú go radacach.

2015 Pathways to Work