Dubhghlas de hÍde agus an Athbheochan, Léacht leis an Ambassador Dan Mulhall, Áras Glucksman na hÉireann, New York, 8 February 2018
Dubhghlas de hÍde agus an Athbheochan
Áras Glucksman na hÉireann, Nua Eabhrac, 8 February 2018
Is cúis áthais dom a bheith anseo anocht i gcóir an 13ú léacht i gcuimhne Barra Ó Donnabháin, fear a scríobh i nGaeilge i gcóir an iris-leabhar as Nua Eabhrac, the Irish Echo.
Gabhaim buíochas le hOllscoil Nua Eabhrac agus go mór mór le muintir Tigh Glucksman as ucht an cuireadh teacht anseo anocht. Agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach éinne atá bailithe anseo chun éisteacht liom. Is mór an rud é domsa agus do mo chomhghleacaithe san Ambasáid agus san Ard-Chonsalacht go bhfuil suim comh láidir san Ollscoil seo agus sa chathair seo inár dteanga dúchais.
Nuair a fuair mé an cuireadh seo bhí mé ag ceapadh cén ábhar a bheadh oiriúnach don ócáid atá ann anocht? Rud éigean ag baint le cúrsaí na hÉireann? Cinnte. Ábhar ceangailte leis an Ghaeilge? Sea, más féidir. Agus scéal le baint le stair na hÉireannaigh ins na Stáit Aontaithe? Bheadh sé sin ar fheabhas ar fad.
Faoi dheireadh thiar thall, smaoinigh mé ar scéal atá bainte leis an Ghaeilge, le stair na hÉireann agus le pobal na hÉireann sa tír seo. Sé an t-ábhar atá i gceist agam anocht ná Dubhghlas de hÍde agus an athbheochan.
Dubhghlas de hÍde
Ba fear suimiúil é de hÍde: scríbhneoir tábhachtach as Gaeilge agus as Béarla; bunaitheoir agus céad Uachtarán Chonradh na Gaeilge; agus céad Uachtarán na hÉireann idir 1938 agus 1945.
Thug sé dá cuairt freisin ar na Stáit Aontaithe agus bhí aithne aige ar roinnt mhaith Éireannaigh a bhí ina gcónaí anseo níos mó ná céad bliain ó shin. Bhí sé anseo sa bhliain 1891 agus tháinig sé ar ais idir mí na Samhna 1905 agus mí Bealtaine 1906. Faoi dheireadh, scríobh sé leabhar, Mo Thuras go Meiriceá a fhoilsíodh i 1937. Beidh mé ag caint mar gheall ar an leabhar sin ar ball.
Beidh mé ag caint anocht mar gheall ar thréimhse thar a bheith suimiúil i stair na hÉireann, siad sin na blianta idir 1890, nó deireadh aois Parnell, agus 1922 nuair a bunaíodh Saorstát Éireann.
Is ábhar oiriúnach ag an am seo é beatha agus obair Dubhghlas de hÍde toisc go bhfuilimid ag ceiliúradh i mbliana 125 bliain de Chonradh na Gaeilge. I gcomhluadar le Eoin Mac Néill, bhí Dubhghlas de hÍde taobh thiar de bhunú an Chonradh i 1893.
Roimh labhairt mar gheall ar saol agus obair Dubhghlas de hÍde, ba cheart rud nó dó a rá maidir le stádas na Gaeilge i rith an 19ú aois. (naoú aois déag)
Nuair a thosnaigh an 19ú aois bhí timpeall 6 milliún daoine ina chónaí in Éirinn. Bhí an Ghaeilge á labhairt mar theanga dhúchais ag b'fhéidir 50% de muintir na hÉireann ag am an Act of Union, ach dár ndóigh bhí go leor acu dátheangach.
I rith an chéad leath den 19ú aois, roimh an Ghorta Mhór, chuaigh líon na ndaoine in Éirinn i méid ach ag an am céanna chuaigh an méid a bhí ag labhairt Gaeilge i laghad. Bhí roinnt mhaith cúiseanna taobh thiar do laghdú na teanga agus, mar shampla, chuir córas nua na mbunscoileanna a tháinig isteach i 1833 béim ar an mBéarla. Dár ndóigh bhí a lán buntáistí ag baint leis an gcóras nua sin, agus bhí roinnt mhaith tacaíocht ón phobal Éireannach dó. Ach tá sé soiléir go raibh an córas sin míbhuntáisteach i gcóir stádas na Gaeilge.
I ndiadh 1845 thosnaigh na sluaite daoine, go mór mór as na ceantair ina raibh an Ghaeilge go láidir, ag fágáil na tíre chun dul go dtí an Bhreatain, an Astráil, Ceanada agus go mór mór na Stáit Aontaithe. Rud eile. Bhí a fhios ag daoine cé chomh tábhachtach is a bhí sé a bheith ábalta Béarla a labhairt chun bheith ullamh i gcóir an eisimirce agus chun dul chinn a dhéanamh thar lear.
Nuair a rugadh Dubhghlas de hÍde i 1860 d'fhéadfá a rá go raibh an Ghaeilge ag fáil báis ach chuir an teanga draíocht ar an bhfear óg nuair a bhí sé ag fás anuas Frenchpark i gContae Ros Comáin. Chaith athair de hÍde a shaol mar sagart in Eaglais na hÉireann sa Chontae sin agus d’fhoghlaim de hÍde óg a chuid Gaeilge ann mar bhí roinnt daoine fós sa chomharsanacht sin ag a raibh Gaeilge acu.
Chuaigh sé go dtí Coláiste na Tríonóide áit a rinne sé staidéar ar an diagacht. Ach an t-am go léir ba é an Ghaeilge a bhí mar tosaíocht aige agus rinne sé aistriúcháin ón Ghaeilge agus scríobh sé dánta agus gearrscéalta a d’fhoilsigh sé faoina ainm cleite, An Craoibhín Aoibhinn.
I ndiadh a chéim a fháil, chuaigh sé ag lorg post mar léachtóir agus chaith sé bliain ag múineadh i gCeanada. Tar éis dó éirigh as a phost i mí Mheitheamh 1891 thaisteal sé go dtí an tír seo, áit a thug sé cuairt ar Bhostún agus Nua Eabhrac.
Ins na Stáit Aontaithe
I saol de hÍde, agus i bhforbairt a tuairimí mar gheall ar an Ghaeilge, bhí an t-am sin cuíosach tábhachtach i mo thuairimse. Bhuail sé le hÉireannaigh a bhí ina chónaí anseo agus bhí Gaeilge ag roinnt mhaith dóibh. Bhuail sé freisin le daoine cosúil leis an Fínín O Donnabháin Rossa. Cur i gcás bhí sé ábalta léacht a thabhairt sa chathair seo as Gaeilge. De réir dealramh d'fhorbair sé i Meiriceá cuid dos na smaointe a chur sé chun cinn san óráid cáiliúil a thug sé i mBaile Átha Chliath i 1892 díreach roimh bunú Chonradh na Gaeilge.
Ar an 16ú Meitheamh labhair sé sa Gaelic Society i Nua Eabhrac ar stádas na Gaeilge. Seo a bhí le rá aige.
The Irish language, he said, was not "a poor, mean, limited language", but "a vast, varied, very opulent one" which "stands upon an equal footing with Greek, Latin and Sanskrit."
Agus bhí litríocht den chéad scoth ar fáil i dteanga na nGael.
Bhí ann "an enormous mass of Irish literature ... (which) has not only never been equalled but never been approached either in age, variety, or value by any vernacular language in Europe. (It was) "the language of the Bards and Brehons, of the Saints and sages."
Níl sé deachair a shamhlú cé chomh sásta is a mbeadh an pobal Éireannach i Nua Eabhrac smaointe mar seo a chloisteáil. Chuir sé béim ar thábhacht na dteanga i gcóir féiniúlacht na hÉireann.
Cháin sé muintir na hÉireann toisc go raibheadar neamhchúramach leis an dteanga náisiúnta.
"It is a most frightful shame the way in which Irishmen are brought up, ashamed of their language, institutions and of everything Irish."
Níor cheap sé gur cheart an Ghaeilge a fhorbairt in ionad an Bhéarla.
"What I wish to see is Irish established as a living language, for all time, among the million or half a million who still speak it along the west coast, and to ensure that the language will hold a favourable place in teaching institutions and government examinations."
'The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation'
Ar ais san Eoraip, ceapadh é mar Uachtarán an Chumann Náisiúnta Liteartha agus bhí air léacht bhliaintúil a thabhairt. An t-am seo, labhair sé as Béarla mar ní raibh Gaeilge ag an cuid is mó dos na daoine a bhí páirteach sa ghluaiseacht liteartha, mar shampla an file, WB Yeats. Cad a dúirt de hÍde ag an ócáid sin? Is fearr a smaointe a chloisint ins na focail a úsáid sé féin. Seo cuid den chuid a bhí le rá aige as Béarla:
"When we speak of 'The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation', we mean it, not as a protest against imitating what is best in the English people, for that would be absurd, but rather to show the folly of neglecting what is Irish, and hastening to adopt, pell-mell, and indiscriminately, everything that is English, simply because it is English.”
Agus lean sé ar aghaidh mar seo:
".. this failure of the Irish people in recent times has been brought about by the race diverging this century from the right path, and ceasing to be Irish without becoming English."
Agus d'iarraigh sé cén fáth i gcás muintir na hÉireann don ré sin go raibh siad sásta a rá:
".. as a matter of sentiment that they hate the country which at every hand's turn they rush to imitate.
I wish to show you that in Anglicising ourselves wholesale we have thrown away with a light heart the best claim we have upon the world's recognition of us as a separate nationality."
Dúirt sé go raibh sé soiléir nach raibh mórán fonn ar Éireannaigh a bheith páirteach in Impireacht na Breataine. Dá bhrí sin caithfear a iompar mar fíor Gaeil agus
"build up an Irish nation on Irish lines because upon Irish lines alone can the Irish race once more become what it was of yore: one of the most original, artistic, literary, and charming peoples of Europe."
Dúirt sé freisin go raibh sé an-tábhactach deireadh a chur le meath na teanga. Níor cheart náire a bheith ar éinne toisc go raibh Gaeilge á labhairt acu.
“.. we must teach ourselves not to be ashamed of ourselves, because the Gaelic people can never produce its best before the world as long as it remains tied to the apron-strings of another race, and another island, waiting for it to move before it will venture to take any step itself ..
Conradh na Gaeilge
I gcionn bliain i ndiadh an ráiteas sin bunaíodh Conradh na Gaeilge agus roghnaíodh de hÍde mar Uachtarán ar an ngluaiseacht nua.
Dar ndóigh, roimh bunú Chonradh na Gaeilge bhí roinnt mhaith daoine ann ag a raibh suim acu sa teanga agus ghlac de hÍde páirt ins an Society for the Preservation of the Irish Language (1876) agus an Gaelic Union (1880). Ba eagraíochtaí cúiseach acadúil iad agus ní raibh mórán daoine gnóthach iontu. Ní raibh an aidhm acu an Gaeilge a fhorbairt mar teanga laethúil in Éireann. Sin a bhí i gceist ag an Chonradh.
D'éirigh go breá leis an gConradh ins an 20 bliain i ndiadh 1893 le de hÍde chun cinn. Bunaíodh brainsí tríd an tír agus i 1903 bhí 600 dóibh ar fad ann. Chuir an Conradh ranganna Gaeilge ar fáil agus bhí an-suim iontu. Nuair a bhí de hÍde ag labhairt sa tír seo in 1905/06 dúirt sé go raibh 250,000 Éireannaigh go h-iomlán ag foghlaim Gaeilge agus go raibh an teanga á múineadh i 3,000 scoileanna in Éirinn.
Ní hé an Chonradh an t-aon gluaiseacht a chuireadh ar bun sna blianta sin. Bhí an Cumann Lúthchleas Gael ann freisin agus an ghluaiseacht liteartha le Yeats mar ceannaire neamh-oifigiúil air, agus an ghluaiseacht comhoibriú talamhaíocht inar ghlac George Russell (AE) páirt. De réir dealramh bhí spiorad nua in Éirinn an tráth sin. Dár ndóigh ní raibh gach éinne go h-iomlán ar an dtaobh céanna. Bhí deachrachtaí idir na daoine cosúil le DP Moran, eagarthóir ar an iris-leabhar The Leader, a cheap gur cheart litríocht na hÉireann a chumadh i nGaeilge amháin agus daoine cosúil le Yeats a bhí i gcónaí ag scríobh i mBéarla. Ba dhuine réasúnta é de hÍde agus bhí suim aige i litríocht i nGaeilge agus i mBéarla.
Cén meas a bhí ag Yeats ar de hÍde? Seo a dúirt sé mar gheall ar:
"..Hyde .. though at his worst he is shapeless enough, is at his best an admirable artist.
‘Mo thuras go Meiriceá’
Sa bhliain 1905, bhí easpa airgid ag goilleadh ar an Chonradh agus cheapadar go mbeidís in ann roinnt mhaith chabhrach a fháil ó mhuintir na hÉireann sa tír seo. Roghnaíodh de hÍde chun taisteal agus bhuail sé an bhóthar i mí na Samhna. Ba é Seán Ó Cuínn, nó John Quinn, dlíodóir as Nua Eabhrac a chur an turas le chéile i gcóir de hÍde.
Fear cáiliúil ab ea Ó Cuínn. Níos déanaí thug sé cuid mhór cabhrach do Yeats agus Joyce. Cheannaigh sé lámhscribhinní uathu agus thug sé airgead don bheirt. I gcás Yeats, thug sé tacaíocht do Yeats sinsear nuair a bhí sé ina chónaí in Nua Eabhrac idir 1908 agus 1922 nuair a fuair sé bás.
D’eagair Ó Cuínn turas iontach don gcuairteoir cáiliúil. Thug sé cuairt ar go leor cathracha agus arís an t-am seo bhuail sé le roinnt daoine ag a raibh Gaeilge acu. Labhair sé go minic i gcathracha éagsúla, agus de ghnáth tháinig sluaite mór chun éisteacht leis. Bhailigh sé roinnt mhaith airgid i gcóir an Chonradh. Thaisteal sé go dtí Washington agus fuair sé cuireadh go dtí an Teach Bhán. Bhi díospóireacht maith aige leis an Uachtarán Roosevelt a bhí an-cuirtéiseach dó. Dúirt Roosevelt leis go raibh sé tar éis aiste a scríobh ag déanamh comparáide idir sean-scéalta na Gaeilge agus na sága Lochlannach.
Tar éis filleadh abhaile, lean de hÍde ar aghaidh mar Uachtarán an Chonradh go dtí 1915 nuair a bheartaigh siad gurbh gluaiseacht náisiúnach é. Mar gheall ar sin d'fhág de hÍde an Chonradh toisc gur cheap sé gur cheart don Chonradh bheith oscailte do gach éinne gan gá dearcadh polaitíochta áirithe a bheith acu.
Éire, 1912-1922
Séard a tharla in Éirinn ag an am sin ná gur éirigh cúrsaí polaitiúila i bhfad níos conspóideach i rith na deachrachtaí a thit amach idir 1912 agus 1914 mar gheall ar Rialtas Dúchais. I ndáiríre ón tús ba gluaiseacht fíor náisiúnach é an Conradh. Dúirt Thomas MacDonagh go bhfuair sé a suim i gcultúr agus polaitíocht na hÉireann nuair a d’fhreastail sé ar cruinniú de cuid an Chonradh don chéad uair.
Cad is brí le obair de hÍde ar son na teanga agus ar son na hÉireann ins na blianta nuair a bhí sé i gceannas ar Chonradh na Gaeilge idir 1893 agus 1915?
Cheap Yeats go raibh na gluaiseachtaí cultúrtha an-tábhachtach i stair na hÉireann. Seo a dúirt sé nuair a labhair sé i ndiadh an Duais Nobel a fháil.
“The modern literature of Ireland, and indeed all that stir of thought which prepared for the Anglo-Irish War, began when Parnell fell from power in 1891. A disillusioned and embittered Ireland turned away from parliamentary politics; an event was conceived and the race began, as I think, to be troubled by that event's long gestation. Dr. Hyde founded the Gaelic League, which was for many years to substitute for political argument a Gaelic grammar, and for political meetings village gatherings, where songs were sung and stories told in the Gaelic language. Meanwhile I had begun a movement in English, in the language in which modern Ireland thinks and does its business; founded certain societies where clerks, working men, men of all classes, could study those Irish poets, novelists, and historians who had written in English, and as much of Gaelic literature as had been translated into English.
Dár ndóigh bhí rudaí níos casta ná sin ach más maith leat tionchar an Chonradh a measadh d'fhéadfá breathnú ar ghrianghraf atá le feiceáil sa leabhar iontach sin Atlas of the Irish Revolution. Tógadh é sa bhliain 1913 ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge I nGaillimh. Féach ar na daoine a bhí ann.
An scríbhneoir Padraic Ó Conaire; an fear a tháinig ina dhiadh de hÍde mar Uachtarán na hÉireann in 1945, Seán T. Ó Ceallaigh; Dubhghlas de hÍde féin; Eoin Mac Neill a bhunaigh an Conradh le de hÍde agus a bhí mar cheannaire ar Óglaigh na hÉireann ó 1913 go dtí 1916; Padraig Mac Piarais, Seán Mac Diarmada, Éamonn Ceann, Willie Pearse agus Michael O'Hanrahan a cuireadh chun báis i 1916; Count George Noble Plunkett, athar Joseph Plunkett; an file George Russell (AE); Bulmer Hobson a bhí tábhachtach in athbhunú an IRB; Mrs Kathleen Clarke, bean Tom Clarke; Eamon de Valera; Desmond Fitzgerald, aire i Rialtas Saorstát Éireann; the O'Rahilly a mharaíodh in 1916; Earnán De Blaghd; Peadar Kearney, a chum Amhrán na bhFiann; scríbhneoir an tAthair Peadar Ó Laoghaire; Risteárd Mulcahy, a bhí níos déanaí mar Aire rialtais; Seán O'Casey; agus Constance Markievicz. Níl mórán eile gur féidir a rá. I ngrianghraf amháin faightear triúr dos na ceannairí ar Éiri amach na Cásca, athair ceann eile agus mná chéile le cúigiú ceannaire. Agus bhí triúr eile ann a cailleadh i rith seachtain na cásca.
Smaointe deireanacha:
Chun an léacht seo a chríochnú ba mhaith liom iarracht a dhéanamh cúpla ceisteanna a fhreagairt.
I tosach báire cé chomh tábhachtach is a raibh an athbheochan i stair na hÉireann céad bliain ó shin? Ar cuid de bhunriachtanach d’Éirí Amach na Cásca a bhí an Athbheochan? Is dóigh liom gur chabhraigh na gluaiseachtaí áirithe den athbheochan leis an athrú meon a thárla in Éirinn an t-am sin. I mo thuairimse ba é theip an Rialtais Dhúchais in 1912-1914 agus tosach an Chéad Cogadh Domhanda is mó a bhí taobh thiar den Éirí Amach, ach chruthaigh an Athbheochan, agus go mór mór gluaiseacht athbhunú na teanga cuid mhór don sprid a bhí le feiceáil i ngluaiseacht neamhspleáchais na hÉireann idir 1916 agus 1922.
Agus cé chomh tábhachtach is a raibh de hÍde an t-am sin? Chum sé cuid dos na tuairimí is tábhachtaí a spreag an ghlúin nua a bhí ag fás ag deireadh an 19ú aois agus a ghlac páirt lárnach sa Réabhlóid a d’athraigh Éire go bunúsach céad bliain ó shin.
Agus cad mar gheall ar mhuintir na hÉireann ins na Stáit Aontaithe? Nuair a léann tú mar gheall ar an t-am a chaith sé sa tír seo i 1891 agus arís i 1905/06 tá sé soiléir go raibh pobal mór, díograiseach anseo ag a raibh an-suim acu i gcúrsaí a thír dhúchais. Thugadar inspioráid do de hÍde agus do gach aon Éireannach eile a tháinig chuig an tír seo le haidhm polaitiúil i gceist acu.
Agus cad mar gheall ar an nGaeilge? Cé chomh maith is a d’éirí leis an gConradh an teanga a shábháil agus a fhorbairt? Is cinnte nár éirigh leis an teanga a athbhunú mar phríomhtheanga na hÉireann. Ach gan tionchar an ghluaiseacht a chur Dubhghlas de hÍde ar bun i 1893 tá mé ag ceapadh nach mbeadh an teanga againn ar chor ar bith anois.
Rud deireanach. Thaispeáin taithí Dhubhghlas de hÍde sa tír seo cé chomh tábhachtach is a raibh na hÉireannaigh sna Stáit Aontaithe ins na blianta roimh 1916. Ba foinse inspioráide agus tacaíochta iad i gcóir na gluaiseachtaí náisiúnach a d’athraigh Éire sa ré barrthábachtach sin.