DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie/travel. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta.

Comhairle Taistil mar fhreagra ar an ráig den víreas Zika

Aedes Mosquito, primary vector of the Zika virus. Photo Credit: James Gathany – CDC

Is iad na muiscítí Aedes a scaipeann an víreas Zika agus le seachtainí beaga anuas tá an víreas sin tar éis scaipeadh go tapa sa Mhuir Chairib, i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas. Cé nach bhfuil sé cruthaithe ar bhonn eolaíoch, tá barúil láidir ag saineolaithe ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil baint ag an víreas le cásanna éalainge beirthe.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil an baol céanna i gceist i gcás gach tíre: tá difríocht idir iadsan ina bhfuil an galar á scaipeadh "níos mó ná mar a bhíodh nó ar bhonn forleathan" agus na tíortha ina bhfuil "scaipeadh treallach tar éis an galar a bheith tugtha isteach le déanaí".

Tá liosta cothrom le dáta de na tíortha agus na críocha ina bhfuil an galar, mar aon le breis eolais, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) de chuid FSS. Is é an HPSC an comhlacht saineolaithe ábhartha a bhfuil inniúlacht aige sa réimse seo agus bunaíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a comhairle taistil ar na moltaí uaidh.

Saoránaigh Éireannacha atá ag taisteal chuig na ceantair atá buailte leis an víreas, nó a bhfuil cónaí orthu sna ceantair sin, ba chóir dóibh iad féin a choinneáil ar an eolas ós rud é gur féidir le cúrsaí athrú go sciobtha. Tá eolas ar fáil ar shuímh ghréasáin an HPSC, na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).

Mná torracha agus iad siúd atá ag súil a bheith torrach

Tá sé tuairiscithe go bhfuil méadú tagtha ar líon na gcásanna den riocht micriceifileach – ina mbíonn an cloigeann níos lú ná mar is gnách agus nach dtagann forbairt iomlán ar an inchinn – i measc leanaí nuabheirthe i gceantair inarbh eol go raibh an víreas Zika i gcúrsaíocht. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh mná torracha, nó iad siúd atá ag smaoineamh ar bheith torrach, aon phleananna taistil chuig ceantair atá buailte leis an ngalar a phlé roimh ré lena soláthraí cúraim sláinte. Bunaithe ar threoir ó shaineolaithe sláinte poiblí na hÉireann, molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go láidir go smaoineodh mná torracha ar a gcuid taistil a chur siar más rud é go raibh sé i gceist acu dul chuig ceantar atá buailte leis an ngalar, agus go háirithe chuig ceantar atá aicmithe mar cheann ina bhfuil an víreas Zika á scaipeadh níos mó ná mar a bhíodh nó ar bhonn forleathan.

Ba cheart dóibh siúd a bhfuil imní orthu féachaint ar shuíomh gréasáin HPSC chun an nuacht is déanaí a fháil. I gcás mná torracha a thaistil chuig ceantair ina bhfuil an víreas Zika á scaipeadh, ba chóir dóibh sonraí a gcuid taistil thar lear a chur ar fáil le linn a gcuairteanna réamhbhreithe ionas gur féidir measúnacht agus monatóireacht chuí a dhéanamh orthu.

Fir a d'fhill ó cheantair atá buailte leis an víreas Zika

Ós rud gur féidir an víreas Zika a scaipeadh trí sheamhan fir, moltar d'fhir a d'fhill ó cheantar atá buailte leis an víreas Zika ach nach bhfuil aon siomptóim Zika acu gnéas sábháilte a chleachtadh (trí choiscín a chaitheamh) ar feadh mí amháin tar éis fhilleadh dóibh. Maidir le fir a bhfuil siomptóim acu a d'fhéadfadh gur de bharr ionfhabhtú víreas Zika iad (fiabhras, tinneas cinn, pianta, gríos, tochas sna súile), moltar dóibh gnéas sábháilte a chleachtadh (trí choiscín a chaitheamh) ar feadh 6 mhí tar éis fhilleadh dóibh. Comhairle réamhchúramach atá i gceist anseo agus d'fhéadfaí í a leasú de réir mar a bheidh tuilleadh eolais ar fáil.

An bhfuil daoine in Éirinn i mbaol Zika?

Déantar an víreas a scaipeadh go hiondúil trí ghreim muiscíte Aedes a bhfuil an víreas uirthi, agus níl an mhuiscít Aedes in Éirinn. Ní dócha go lonnóidh an cineál sin muiscíte in Éirinn go luath amach anseo mar nach bhfuil an teocht in Éirinn sách ard i gcónaí ionas gur féidir léi pórú.

Céimeanna praiticiúla chun ionfhabhtú a sheachaint

Is tábhachtach an rud é agus tú ag taisteal freagracht a ghlacadh as do shláinte agus d'fholláine féin.

Molann an FSS roinnt bearta réamhchúraim ar féidir le saoránaigh a ghlacadh ionas gur lú an seans go mbainfidh an mhuiscít greim astu: éarthach i gcoinne muiscítí a úsáid; léinte ar a bhfuil muinchillí fada agus treabhsair fhada a chaitheamh, go háirithe sa tráth den lá is mó a mbíonn an mhuiscít i mbun gníomhaíochta; agus eangach mhuiscítí a úsáid i gcóiríocht nach bhfuil a dóthain scáthlán inti nó nach bhfuil aer-oiriúnaithe mar is cuí. Ba chóir do shaoránaigh Éireannacha i gceantair atá buailte leis an víreas dul i gcomhairle le muintir na háite faoi conas is fearr iad féin a chosaint.

Tá tuilleadh eolais phraiticiúil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ionaid Faire um Chosaint Sláinte de chuid FSS, agus ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Cláraigh do chuid dátaí taistil agus do chuid sonraí teagmhála linn, ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat má tharlaíonn géarchéim gan choinne

Tá saoránaigh Éireannacha a bheidh ag taisteal taobh amuigh den Chomhlimistéar Taistil (Éire/An Bhreatain Mhór) á spreagadh chun a gcuid dátaí taistil agus sonraí teagmhála a chlárú linn, ionas gur féidir linn dul i dteagmháil leat agus cúnamh a thabhairt duit má tharlaíonn géarchéim gan choinne ar nós tubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta, nó má tharlaíonn éigeandáil teaghlaigh duit nuair a bheidh tú thar lear. Tá sé sin úsáideach go háirithe i gcás daoine atá ag taisteal chuig áiteanna iargúlta nó áiteanna ina bhféadfaidís a bheith níos mó i mbaol.

Féach ár gcomhairle taistil don tír a bhfuil sé i gceist agat dul chuici

Cuidíonn ár gcomhairle taistil leo siúd atá ag dul ar saoire cinntí eolasacha a dhéanamh agus turas thar lear á phleanáil acu. Molaimid do thaistealaithe clúdach árachais cuí a thógáil maidir le gach turas thar lear.