Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuireann Ambasadóirí nua a nDintiúir i láthair

Cuireann Ambasadóirí nua a nDintiúir i láthair


Chuir a Soilse, Ambasadóirí Phoblacht na Cipire, Phoblacht na hEastóine agus Ríocht na Danmhairge a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin ag Áras an Uachtaráin inniu.

I dteannta a Soilse Charis Christodoulidou, Ambasadóir Phoblacht na Cipire, bhí a céile Christos Miltiades agus a dtriúr leanaí Mantalena, Sotiris agus Miltiades.

I dteannta a Soilse Aino Lepik von Wirén, Ambasadóir Phoblacht na hEastóine, bhí a céile Jorma von Wirén agus Leas-Cheannaire an Mhisin Ahti Raidal.

I dteannta a Shoilse Uffe A. Balslev, Ambasadóir Ríocht na Danmhairge, bhí an tAire Comhairleora, Leas-Cheannaire an Mhisin, Martin Ellehøj.


Rinne an tAire Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Stáit sna Ranna Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar a bhfuil freagracht speisialta as Soláthar Poiblí, Rialtas Oscailte agus Ríomhsheirbhísí Rialtais ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas.

Bhí na daoine seo a leanas i láthair freisin: Ard-Rúnaí an Uachtaráin Art O’Leary; an Coirnéal Liam Condon, Aide-de-Camp an Uachtaráin; an tArd-Rúnaí sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Niall Burgess; Feilim McLaughlin, Joe Brennan, agus Marylee Wall, Prótacal, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Bhí Tionlacan Oinigh in éineacht leis na hAmbasadóirí ar a mbealach go dtí Áras an Uachtaráin agus ar ais arís. Mar chuid de sin bhí díorma gluaisrothar ón Dara Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Stephen Bunney.

Rinne Reisimint Airtléire an 1ú Briogáide, Dún Uí Choileáin, Corcaigh, Garda Onóra ag Áras an Uachtaráin faoi cheannas an Leifteanaint Oisín O’Higgins.

Stiúir an Captaen Fergal Carroll Banna Uimh. 1 an Airm, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath.


Críoch
4 Meán Fómhair 2018

|