Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuireann an Tánaiste Simon Coveney T.D. fáilte go hÉirinn roimh Cai Qi, Rúnaí Pháirtí Bhéising

Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney T.D., fáilte roimh Cai Qi inniu, atá ina Rúnaí ar Pháirtí Bhéising, agus ar ball é de Pháirtí Cumannach na Síne agus a bhí ar cuairt ag Teach Iveagh a bhí mar chéad imeacht dá chuairt trí lá go hÉirinn.

Tháinig an Tánaiste agus Rúnaí an Pháirtí Cai le chéile anocht chun raon saincheisteanna déthaobhacha agus iltaobhacha a phlé. Ar cheann de na saincheisteanna sin phléigh siad seoladh na céad eitilte gan stad ó Éirinn go Béising atá ar tí tosú.

Agus é ag labhairt roimh a gcruinniú, rinne an Tánaiste tagairt do láidreacht an chaidrimh idir Éire agus an tSín.

“Cuirfidh an chuairt seo leis an gcaidreamh láidir déthaobhach idir ár dtíortha. Tugann sé deis chomh maith an nasc a neartú idir ár bpríomhchathracha – Baile Átha Cliath agus Béising, ar comhchathracha iad ó 2011. Le linn mo chuairte chun na Síne i mí an Mhárta, chonaic mé le mo shúile féin na deiseanna ollmhóra trádála agus infheistíochta atá ann idir ár dtíortha.

“Tá poitéinseal ollmhór chomhpháirtíochta ann chomh maith i gcúrsaí oideachais, taighde, cultúir agus turasóireachta. Tiocfaidh tuilleadh feabhais ar na naisc idir ár dtíortha nuair a chuirfear tús an mhí seo chugainn le heitiltí gan stad ó Bhaile Átha Cliath go Béising agus go Hong Cong. Is deiseanna fíorthábhachtacha iad cuairteanna polaitiúla sinsearacha, ar nós na cuairte seo ó Rúnaí an Pháirtí Cai, chun ár spriocanna a chur cinn agus chun ár gcomhthuiscint a mhéadú ar shaincheisteanna thábhachtacha déthaobhacha agus iltaobhacha réigiúnacha, saincheisteanna amhail imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.”

CRÍOCH