Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Deontais dar luach €100k curtha ar fáil chun tuiscint ar an AE a chur chun cinn

An tAontas Eorpach, Preas Ráiteas, An Eoraip, 2018
  • Bronnadh maoiniú ar 15 eagraíocht dheonacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha; grúpaí pobail áitiúla ina measc
  • Maoiniú chun tacú le heagraíochtaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le Todhchaí na hEorpa

 Rinne an tAire Gnóthaí Eorpacha, Helen McEntee TD, comhghairdeas inniu le 15 eagraíocht dheonacha, a raibh eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail áitiúla agus eile ina measc, ar bronnadh maoiniú orthu faoin tionscnamh 2018 ‘Communicating Europe’ de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.


I measc na dtionscadal ar éirigh leo tá taifeadadh ar phodchraoladh speisialta ‘Blindboy Podcast on Europe’ beo ó Láthair MindField ag Féile Electric Picnic, tionscadal faoi Young Innovators for Europe a bheidh le déanamh ag Young Social Innovators agus seoladh an tsuímh gréasáin Big Friendly Guide to the European Union do bhunscoileanna, chun cur leis an gclár oideachais AE Blue Star de chuid na Roinne.


Agus í ag fógairt leithdháileadh an mhaoinithe don bhliain 2018, dúirt an tAire McEntee:


”Creidim go spreagfaidh na tionscadail a mhaoinítear faoi Thionscnamh Communicating Europe na bliana seo rannpháirtíocht níos fearr arís sa díospóireacht náisiúnta maidir le staid na hÉireann san Eoraip amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na 15 tionscadal rathúla, a bhfuil gné láidir réigiúnach ag baint le go leor acu, agus táim cinnte de go gcuirfidh gach ceann acu go mór leis an tionscadal.”


Baineann na tionscadail rathúla leis na réimsí gníomhaíochta a leanas:

Díospóireacht maidir le Todhchaí na hEorpa

  • Centre for European Studies, Ollscoil Luimnigh; 
  • All together in Dignity (Baile Átha Cliath, lár na cathrach thuaidh);
  • First Fortnight (dírithe ar mheabhairshláinte); agus
  • Women for Elections.

Scoileanna dara leibhéal

  • European Youth Parliament,
  • The Graduate.ie; agus
  • Junior Achievement Ireland.

Bunscoileanna

  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh,
  • An suíomh gréasáin Big Friendly Guide to the European Union.

An Óige

  • Podchraoladh Blindboy ag MindField, Electric Picnic;
  • Comhairle Náisiúnta na nÓg, agus
  • Young Social Innovators.

An tSochaí Shibhialta

  • Tionscadal chun cumas a fhorbairt, The Wheel

Na Meáin

  • Imeachtaí pobail agus podchraoltaí Near Media.
  • Audrey Galvin, tionscadal meán na hóige Ollscoil Luimnigh.

Imeachtaí pobail áitiúla

  • An tIonad Pobail, Baile an Doirín, Gaillimh

Tuilleadh eolais ar fáil ó www.dfa.ie 

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

Bunaíodh an Tionscnaimh Communicating Europe sa bhliain 1995 chun feasacht faoin Aontas Eorpach a ardú agus chun cáilíocht an eolais phoiblí maidir le saincheisteanna Eorpacha a fheabhsú, agus rochtain ar an eolas sin a éascú. An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a riarann an clár. Cuireadh €100,000 ar fáil i mbliana chun tionscadail faoin Thionscnamh Communicating Europe a mhaoiniú.