Cuireann an Tánaiste fáilte roimh Phríomh-Aire Shingeapór
Press release
27 March 2018Bhuail an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, T.D., le Leas-PhríomhAire Shingeapór Teo Chee Hean le linn a thuras dhá lá chuig Baile Átha Cliath inniu.
Leis an Leas-PhríomhAire, bhí Ard-Rúnaí Parlaiminte ón Aireacht Oideachais agus ón Aireacht Trádála agus Tionscail, Low Yen Ling, agus Zaqy Mohamad, Feisire Parlaiminte Shingeapór.
I gcruinniú déthaobhach, rinne an Tánaiste agus Leas-PhríomhAire Teo Chee Hean plé ar ghnéithe eacnamaíochta agus cultúrtha den chaidreamh idir Éire agus Singeapór,
Agus é ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt an Tánaiste:
“Cuirim céad míle fáilte roimh an Leas-PhríomhAire Teo agus a thoscaireacht go hÉirinn, agus an dlúthchaidreamh idir ár dtíortha agus na réimsí comhleasa atá againn a phlé. Má tá achar fada idir Éire agus Singeapór, is náisiúin oileánda muid agus tá geilleagair oscailte againn, agus is minic a bhíonn na tosaíochtaí céanna againn ó thaobh beartais eachtraigh.
“Tairseach thábhachtach is ea Singeapór do chuideachtaí Éireannacha atá ag iarraidh teacht isteach ar an Áise Thoir Theas, agus tá Éire suite go maith mar thúsphointe do chuideachtaí Shingeapór atá ag iarraidh teacht aniar ar mhargaí Eorpacha. Neartaíonn an chuairt seo an caidreamh eadrainn, agus beidh sí mar bhunús do cheangal atá de shíor níos dlúithe idir an dá náisiún.
Le linn na cuairte, beidh an Leas-PhríomhAire Teo agus a thoscaireacht ag bualadh leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Pascal Donohoe T.D., an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., agus leis an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl.
CRÍOCH