Ráiteas ón Tánaiste tar éis óráid ón bPríomh-Aire May
Press release
02 March 2018Ag labhairt dó tar éis na hóráide ón bPríomh-Aire May inniu, dúirt Simon Coveney, Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála:
“Déanfaidh ár bhfoireann grinnscrúdú ar an óráid sna laethanta le teacht. Táimid ag súil go mór le cur i láthair oifigiúil na dtograí ón Ríocht Aontaithe mar chuid den idirbheartaíocht sa Bhruiséil, agus na tograí sin a bhreithniú i gcomhar leis an gCoimisiún agus Ballstáit eile an AE.
Fáiltímid roimh dhearbhú an Phríomh-Aire go bhfuil an Ríocht Aontaithe tiomanta i gcónaí do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do na gealltanais a tugadh i gcomhaontú Nollag na bliana deireanaí, agus ina measc, teorainn chrua a sheachaint.
Anois, caithfear tograí praiticiúla a chur i láthair faoin gcaoi is féidir teorainn chrua a sheachaint agus Comhaontú Aoine an Chéasta agus comhoibriú Thuaidh-Theas a chaomhnú. Tá súil againn go bhféadfar na cuspóirí sin a bhaint amach i gcomhthéacs an chaidrimh todhchaí idir an tAE agus Ríocht Aontaithe. Leis an gCoimisiún, déanfaimid breithniú más gá ar aon réitigh eile a mholann an Ríocht Aontaithe.
I ndréacht-téacs an Chomhaontaithe Aistarraingte a d’fhoilsigh an Tascfhórsa an tseachtain seo, leagtar síos malairt rogha, más amhlaidh nach féidir ár gcuspóirí a bhaint amach faoin gcéad dá rogha. Sa chás sin, bheadh ar Thuaisceart Éireann cloí go hiomlán leis na rialacha a bhaineann leis an Margadh Aonair agus an Aontas Custaim sa mhéid a theastaíonn chun comhar thuaidh-theas, an geilleagar uile-oileáin agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chaomhnú, agus teorainn chrua a sheachaint.
Tá na roghanna sin go léir ar aon dul le hurramú Chomhaontú Aoine an Chéasta maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha Helen McEntee: “Fáiltímid roimh an tiomantas i leith na tuarascála coitinne ar ghlac rialtas na Ríochta Aontaithe leis i Nollaig. Dhearbhaigh an Príomh-Aire nach mbeidh teorainn ná seiceálacha custaim ar oileán na hÉireann agus gur faoin Ríocht Aontaithe atá sé anois réitigh a mholadh.
CRÍOCH