Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste faoi fhorbairtí in Gaza

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2018

Chuir an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, méid a suaite agus a imní in iúl maidir leis na forbairtí le déanaí in Gaza.

Dúirt an Tánaiste:

“Ar an gcéad dul síos, cuimhním ar na daoine a maraíodh nó a gortaíodh agus a ngaolta. Is léir go bhfuil fíordhainséar ann i gcónaí agus impím ar gach a bhfuil páirteach, go háirithe ar fórsaí Iosrael, srianadh a léiriú. Fáiltím roimh ghairm Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar fhiosrú neamhspleách trédhearcadh ar na heachtraí sin.

Léiríonn na heachtraí seo an gá le próiseas síochána inchreidte, faoi stiúradh idirnáisiúnta a bhfuil d’acmhainn aige tabhairt faoi chúinsí daonnúla in Gaza agus an bealach chun dá stát, Iosrael agus Palaistín, ag maireachtáil le chéile i síocháin agus slándáil. Tá Éire agus an tAontas Eorpach ullamh chun bheith páirteach an próiseas sin a fhorbairt, i gcomhar leis na Stáit Aontaithe agus páirtithe eile, agus pleanáil agus infheistiú i dtodhchaí níos fearr.

CRÍOCH