Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste, Simon Coveney TD, ar an mbreithiúnas sa chás Eire v an Ríocht Aontaithe

Thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine breithiúnas inniu ar iarratas ón Rialtais ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas sa chás ó 1978 Éire v An Ríocht Aontaithe (Fir na gCochall).

Déanfaidh an Rialtas mionscrúdú ar an mbreithiúnas.

Cé gur dhiúltaigh an Chúirt don iarratas ar athbhreithniú, is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ndéanann breithiúnas an lae inniu aon athrú ar bhreithiúnas 1978 lena bhfuarthas gur fhulaing na fir íde mídhaonna agus táireach, sárú ar Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Cuimhním ar na fir a d’fhulaing an drochíde sin, agus a raibh orthu déileáil leis na héifeachtaí fadtéarmacha. Tuigim go mbeidh díomá orthu leis an mbreithiúnas seo.

Beidh mé ag bualadh leis na fir sin sna seachtainí le teacht, agus tá mé ag súil go mór le cloisteáil uathu.

CRÍOCH