Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an tAire McEntee maoiniú chun plé ar thodhchaí na hEorpa a spreagadh

Chuir an tAire Stáit Gnóthaí Eorpacha, Helen McEntee TD, fáilte roimh eagrais dheonacha, oideachais agus na sochaí sibhialta cur isteach ar mhaoiniú faoin Tionscnamh Communicating Europe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.


Is é is aidhm don tionscnamh sin feasacht phoiblí ar ról an AE sa saol ó lá go lá a dhoimhniú agus caighdeán an eolais phoiblí faoi shaincheisteanna Eorpacha a fheabhsú, agus rochtain ar an eolas sin a éascú, go háirithe ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta. Cuimsítear leis tionscadail cumarsáide maidir le ceisteanna a bhaineann leis an Eoraip, ról an Aontais Eorpaigh agus ról na hÉireann san Eoraip trí chomhphlé idir déantóirí beartais agus an pobal. Cuirfear fáilte faoi leith roimh thionscadal maidir le comhphlé ar thodhchaí na hEorpa. Tá maoiniú €100,000 le fáil faoin scéim i mbliana.

Ag fógairt seoladh na scéime ag an gComhphlé Saoránach i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, inniu (Déardaoin 8ú); dúirt an tAire: ‘Tá sé tábhachtach don Rialtas díospóireacht náisiúnta a chothú ar ról na hÉireann san Eoraip taobh amuigh dár bhfreagairt ar an gcinneadh ón Ríocht Aontaithe an tAontas Eoraip a fhágáil’.
Dúirt an tAire McEntee: ‘Na tionscadail a fhaigheann maoiniú faoi Communicating Europe, tá súil agam go gcuirfidh siad le guth na hÉireann sa díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa agus go mbeidh siad páirteach sa todhchaí a mhúnlú.”

Tá tuilleadh faisnéise agus foirmeacha iarratais ar fáil ó www.dfa.ie. Is é an 18 Aibreán 2018 an spriocdháta d’iarratais.

CRÍOCH


Nóta d’Eagarthóirí:

Bunaíodh an Tionscnaimh Communicating Europe sa bhliain 1995 chun feasacht faoin Aontas Eorpach a ardú agus chun cáilíocht an eolais phoiblí maidir le saincheisteanna Eorpacha a fheabhsú, agus rochtain ar an eolas sin a éascú.

Is é an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a riarann an clár. Cuirfear fáilte faoi leith roimh thionscadal maidir le comhphlé ar thodhchaí na hEorpa, beidh €100,000 ar fáil i mbliana mar mhaoiniú do thionscadail Communicating Europe.

I measc na dtionscadal ar tugadh maoiniú dóibh roimhe seo tá cúrsaí reatha san AE, na meáin, rannpháirtíocht scoileanna, deiseanna fostaíochta in institiúidí an AE agus Comhphlé Saoránach.

Is é an 18 Aibreán 2018 an spriocdháta d’iarratais. Cuirfear scéala chuig iarratasóirí a n-éireoidh leo ag tús mí Bealtaine. Tá tuilleadh faisnéise agus foirmeacha iarratais ar fáil ó www.dfa.ie.