Fógraíonn an Tánaiste Simon Coveney agus an tAire Ciarán Cannon deontais ar fiú os cionn €10 milliún
6/6/19Fógraíonn an Tánaiste Simon Coveney agus an tAire Ciarán Cannon deontais ar fiú os cionn €10 milliún iad d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha
Preaseisiúint
6 Meitheamh 2018
D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney, T.D., agus an tAire Stáit don Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta Ciarán Cannon, T.D., os cionn €10 milliún do 24 Eagraíocht Neamhrialtasach chun tabhairt faoi thionscadail forbartha thar sáile. Áirítear leis sin os cionn €8 milliún i ndeontais d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha in Éirinn.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an Tánaiste:
“Tá Eagraíochtaí Neamhrialtasacha na hÉireann ag leanúint lenár dtraidisiún láidir tacaíocht a thabhairt dóibh sin is mó a dteastaíonn cabhair uathu, ag cabhrú le daoine leochaileacha, i dtosca dúshlánacha go minic. Cabhróidh an maoiniú seo, a léiríonn méadú ar thacaíocht an Rialtais d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha forbartha na hÉireann, chun torthaí infheicthe a bhaint amach dóibh siúd is faide ar gcúl agus cabhróidh siad chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Stáit Cannon freisin:
“Mar aitheantas ar a gcumas sainiúil dul i gcion orthu siúd is mó i ngátar, léiríonn an maoiniú a fógraíodh inniu ár dtacaíocht arís is arís d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha na hÉireann chun tionscadail a théann i ngleic le bunchúiseanna na bochtaineachta a chur chun feidhme, agus athléimneacht a thógáil agus cuidiú chun géarchéimeanna a chosc sa todhchaí.”
Comhlánaíonn obair na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha a fhaigheann deontais ó Chiste na Sochaí Sibhialta an obair atá ar siúl ag clár cúnaimh an Rialtais, Cúnamh Éireann, chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar, ar nós sláinte agus oideachais agus cearta an duine agus rialachas a fheabhsú.
CRÍOCH
An Phreasoifig
6 Meitheamh 2018