Tugann an Tánaiste cuairt ar Londain le haghaidh sraith cruinnithe ardleibhéil
30/1/18Beidh Simon Coveney, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar cuairt i Londain inniu agus amárach. Beidh sraith cruinnithe polaitiúla ardleibhéil aige le baill chomh-aireacht na Ríochta Aontaithe lena n-áirítear an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Boris Johnson, an Seansailéir Philip Hammond, an Rúnaí Stáit um Imeacht ón Aontas Eorpach, David Davis, an tAire um Oifig na Comh-Aireachta David Lidington, an Rúnaí Stáit Alan Duncan, agus an Scáth-Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, Owen Smith. Le linn na cuairte, labhróidh an Tánaiste ag imeacht in Chatham House dar teideal “British Irish Relations – Past Present and Future”
Agus é ag labhairt faoin gcuairt, dúirt an Tánaiste:
“Is ball tiomanta den Aontas í Éire agus is cúis mhór bróin dúinn cinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht ón Aontas; Mar sin féin, bhíomar ríshoiléir i gcónaí gur mian linn caidreamh láidir dearfach a chothú leis na comharsana is gaire dúinn anois agus san aimsir atá amach romhainn freisin. Tá sé tábhachtach go mbeimis i dteagmháil lena chéile go rialta le linn na hidirbheartaíochta faoi Brexit agus ina dhiaidh sin, chun a chinntiú go ndéantar an caidreamh seo a chothú agus a threisiú.
“Is cúis áthais dom cuairt a thabhairt ar Londain inniu chun na ceisteanna seo a phlé, go háirithe agus muid ag teannadh le cothrom 20 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta, ceann de na samplaí is fearr dá bhfuil ann ar an gcomhoibriú idir an dá thír.
“Is deis é seo freisin plé a dhéanamh ar an dara céim den idirbheartaíocht faoi Brexit, mar a n-oibreoimid le chéile chun a chinntiú go gcomhlíonfar na gealltanais uileghabhálacha i dtaca leis an gComhaontú agus an dul chun cinn a rinneadh le próiseas na síochána a chosaint agus i dtaca le teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.
Le linn na cuairte, freastalóidh an Tánaiste ar lón gnó freisin le hionadaithe ó eagraíochtaí móra gnó, airgeadais agus tionsclaíochta.
Agus é ag labhairt faoin lón, dúirt an Tánaiste go dtapódh sé an deis chun “béim a leagan ar méid na trádála idir an Ríocht Aontaithe agus Éire agus ar na deiseanna atá ann, an tionchar eacnamaíoch agus polaitiúil a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit ar oileán na hÉireann agus ar an bhfonn atá orainn caidreamh maith a chothú idir an Ríocht Aontaithe agus Éire tar éis Brexit.“
CRÍOCH