Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte

Ráiteas ón Tánaiste maidir le bás Paddy Harte

Ba chúis mhór bróin dom nuair a chuala mé ar maidin gur bhásaigh Paddy Harte. Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile agus lena chlann.

Ba Chonallach bródúil é Paddy Harte agus bhí sé an-tiomanta go deo dá obair mar ionadaí poiblí agus é ag freastal ar mhuintir Dhún na nGall mar chomhairleoir ar dtús sa bhliain 1960 agus ina dhiaidh sin idir 1961 agus 1997 mar TD do Dhún na nGall Thoir Thuaidh. Bhí sé ina Aire Stáit ó 1981 agus 1982 i rialtas Garrett Fitzgerald.

Bhí sé ina TD do thoghcheantar teorann ar feadh 36 bliain, agus is iomaí bliain chrua a bhí ar an oileán le linn na tréimhse sin. B’fhear mór prionsabail é agus bhí sé riamh go mór ar son na traidisiúin éagsúla ar an oileán a thuiscint agus teacht ar réiteach eatarthu. Anuas air sin, bhí sé go mór ar son Éire iolraíoch mar a mbeadh rath ar gach traidisiún agus cultúr.

Go deimhin, b’fhéidir gurb é an oidhreacht is mó a d’fhág sé an obair a rinne sé i dtaca le Messines. Chuaigh cuairt a thug sé ar láithreacha catha Somme agus Flanders i 1996 go mór i gcion air agus bhraith sé go raibh neamhaird á déanamh ar na hÉireannaigh a cailleadh sa Chéad Chogadh Domhanda. Chonaic sé go raibh deis ann an t-athmhuintearas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann ach comóradh a dhéanamh ar ar tharla.

Bhí idir shamhlaíocht agus mhisneach de dhíth chun forbairt a dhéanamh ar an bhfís seo mar gur ábhar an-íogair go deo a bhí ann ag an am comóradh a dhéanamh ar an gCéad Chogadh Domhanda, agus chuaigh sé i gcomhar le Glenn Barr chun plean do Pháirc Shíochána agus Túr Oileán na hÉireann in Messines mar atá aithne anois air, a fhorbairt.

Ba thionscnamh iontach amach is amach a bhí ann agus ba é a bhuaicphointe nuair a d’oscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus an Bhanríon Elizabeth Páirc na Síochána i 1998 – céim thábhachtach inti féin chun athrú a chur ar an gcaidreamh idir an Bhreatain agus Éire.

D’oibrigh Paddy Harte gan stad gan staonadh mar ionadaí poiblí agus is ceart agus is cóir cuimhneamh ar an bhfís a bhí aige don tsíocháin agus don athmhuintearas agus a thiomanta agus a bhí sé don bhfís sin.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

CRÍOCH