Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Freastalaíonn an Tánaiste Coveney ar Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an Aontais sa Bhruiséil

Freastalaíonn an Tánaiste Coveney ar Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an Aontais sa Bhruiséil chun an creat iar-Cotonou, an Libia agus próiseas síochána an Mheánoirthir a phlé

D’fhreastail Simon Coveney, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar chruinniú d’Airí Gnóthaí Eachtracha inniu sa Bhruiséil.

Phléigh na hAirí an creat iar-Cotonou1, an Libia agus próiseas síochána an Mheánoirthir. D’fhreastail an Tánaiste ar chruinniú lóin neamhfhoirmiúil le hAirí Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus le hUachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas.

Agus é ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt an Tánaiste:
“An bhliain seo, déanfaidh an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin idirbheartaíocht maidir le comhaontú comharba ar Chomhaontú Cotonou. Bhí réamh-mhalartú fónta ag an gComhairle ar an gceist seo. Tá Éire go mór ar son Chomhpháirtíocht an Aontais leis na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin mar go bhfuilimid ar fad dírithe ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ocras, ar an gcaidreamh trádála agus polaitiúil a chur chun cinn agus ar aghaidh a thabhairt ar cheisteanna amhail an t-athrú aeráide, an choimhlint agus an neamhionannas. Is deis iontach í an idirbheartaíocht seo na comhpháirtíochtaí seo a chothú an athuair.

Phléigh na hAirí freisin mar a bhfuil cúrsaí sa Libia agus chuir Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe don Libia Ghassan Salamé faisnéis ar fáil dóibh. Tacaíonn Éire go hiomlán le hiarrachtaí Salamé Plean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe don Libia a chur chun feidhme. Tacaímid le rialtas feidhmiúil a bhunú faoi Chreat Chomhaontú Polaitiúil na Libia. Is é an t-aon bhealach chun cinn don Libia réiteach polaitiúil ar le muintir na Libia é agus ar a bhfuil muintir na Libia i gceannas.

D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil sí tiomanta don réiteach dhá stát maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. Bunaithe ar an gcuairt a thug mé ar Iosrael agus ar an bPalaistín le déanaí, thathantaigh mé ar an Aontas a bheith níos gníomhaí sa tacaíocht don idirbheartaíocht a thosú athuair agus go gcuirfimis cúnamh ar fáil do na Stáit Aontaithe le go mbeadh rath ar an obair. Chuir mé in iúl freisin gur cúis imní dom cinneadh na Stát Aontaithe stop a chur leis an maoiniú a thugann siad do UNRWA.

Ba chúis áthais dom bualadh leis an Uachtarán Abbas agus go raibh deis agam an tacaíocht láidir a thugaim don réiteach dhá stát agus d’uaillmhian na Palaistíne státacht a bhaint amach mar thoradh ar chomhaontú idir an dá pháirtí a chur in iúl dó arís.

CRÍOCH