Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Comhchoiste Thuaidh/Theas le plé a dhéanamh ar Chearta an Duine faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta

Buaileann an Tánaiste leis an gComhchoiste Thuaidh/Theas le plé a dhéanamh ar Chearta an Duine faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Brexit.

Bhuail an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney, TD, leis an gComhchoiste de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine inniu.

Tháinig an comhchoiste le chéile i mBaile Átha Cliath inniu chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar chearta an duine agus ar chomhionannas.

Agus é ag labhairt leis an gComhchoiste, dúirt an Tánaiste:
“Is cúis áthais dom an rannpháirtíocht ríthábhachtach seo atá á déanamh ag an gComhchoiste mar institiúid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta.”

“Tá dualgas ar leith ar an gComhchoiste faoin gComhaontú aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna i dtaobh Chearta an duine ar an oileán seo a eascraíonn ó Brexit’ Is féidir leis an rannpháirtíocht seo a bheith slán ar pháirtiseán, ag tarraingt ar an ról agus ar an taithí atá ag an dá choimisiún agus léiriú a dhéanamh ar shainordú an Chomhchoiste machnamh a dhéanamh ar cheisteanna uile-oileáin.
Dúirt an Tánaiste freisin:

“Tá na forálacha a dhéantar i gComhaontú Aoine an Chéasta i dtaobh chearta an duine agus comhionannais lárnach i bpróiseas na síochána. Tacaíonn siad le muinín agus le toil na bpobal éagsúil dul i mbun na n-institiúidí polaitiúla a socraíodh agus a bheith rannpháirteach iontu agus gach duine a chosaint.’

“Mar comhráthóir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, is mian leis an Rialtas a áirithiú i gcónaí go bhfeidhmeoidh na forálacha um chearta an duine agus comhionannas go héifeachtach agus ina n-iomláine mar thacaíocht do phróiseas na síochána ar an iomlán.

Agus é ag tagairt don idirbheartaíocht AE-RA maidir le hAirteagal 50, dúirt an Tánaiste:

“Maidir leis na bunchearta agus comhionannas, aithníonn an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an chaoi ar chuidigh dlí agus cleachtais AE mar chreat tacaíochta leis na forálacha um chearta an duine agus comhionannas i gComhaontú Aoine an Chéasta, i dTuaisceart Éireann agus ar fud oileán na hÉireann.

“Thug an Ríocht Aontaithe gealltanas nach gcuirfear isteach ar chearta nuair a fhágfaidh sí lena n-áirítear cearta i dtaobh na cosanta ar leithcheal faoi dhlí an Aontais. Is gealltanas suntasach substaintiúil é seo.”

“Anuas air sin, thug an Ríocht Aontaithe gealltanas go ndéanfar éascú ar obair institiúidí agus fhorais Chomhaontú Aoine an Chéasta chun caighdeáin maidir le cearta an duine agus comhionannas a chosaint.”

CRÍOCH