Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuireann an tAire Stáit McEntee, T.D., tús le cuairt dhá lá ar an mBeilg

Cuirfidh an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, T.D., tús le cuairt dhéthaobhach dhá lá ar an mBeilg níos déanaí inniu.

Is cuid tábhachtach sa slabhra soláthair í an Bheilg d’onnmhaireoirí Éireannacha agus (in 2016) is í an dara spriocthír is mó le haghaidh onnmhairí, chun deiridh ar SAM agus chun tosaigh ar an RA.

Leagfar go leor béime ar thrádáil i gcruinniú déthaobhach leis an Leas-Phríomh-Aire, Kris Peeter, a bhfuil freagracht ar leith aige as an ngeilleagar agus as trádáil eachtrach. Beidh todhchaí an chaidrimh trádála go mór chun tosaigh chomh maith le linn cuairt ar Chalafort Antuairp, áit a mbeidh lón ag an Aire le Gobharnóir Antuairp, Cathy Berx, agus labhróidh sí ag seimineár faoi imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ag a mbeidh idirphlé idir piaraí ón dá chomhphobal gnó maidir le saincheisteanna comhchoiteanna. Agus í ar ais sa Bhruiséil beidh cainteanna ag an Aire le Leas-Uachtarán Fhlóndras, Geert Bourgeois.

Le linn na cuairte, labhróidh an tAire McEntee le Cumann Alumni na nOllscoileanna Éireannacha faoin tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht oideachais, taighde agus nuálaíochta sa díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa agus déanfaidh sí freastal ar chruinniú de Líonra Ambasadóirí Ban atá bunaithe sa Bhruiséil.

Agus í ag labhairt faoin gcuairt, dúirt an tAire McEntee an méid a leanas:
“Tá sé tábhachtach go leanann Éire le dul i dteagmháil lenár gcomhghleacaithe san Aontas Eorpach agus go dtógfaimid ar an dea-chaidreamh sin. Tá má ag súil leis an gcuairt ar Chalafort Antuairp chomh maith, calafort atá fíorthábhachtach dár n-onnmhaireoirí. Is deis í an chuairt dhéthaobhach seo chun deiseanna trádála tábhachtacha a phlé le ceann dár spriocanna onnmhairithe is mó.

Beidh an tAire McEntee i láthair chomh maith ag an gcruinniú (Airteagal 50) sa Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta leis an Tánaiste Simon Coveney T.D., áit a bhfaighidh na Ballstáit an t-eolas is deireanaí ón bpríomh-idirbheartaí, Michel Barnier, sula bhfoilseofar an dréachtchomhaontú aistarraingthe Dé Céadaoin.

CRÍOCH