Seoladh an tuarascáil ón gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil
Press release
22 February 2018Chuir an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as an Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Ciaran Cannon T.D., fáilte inniu roimh fhoilsiú athbhreithniú an Oireachtais maidir le clár cúnaimh idirnáisiúnta na hÉireann. Ba é an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil, agus Cosaint, a rinne an t-athbhreithniú.
Sa tuarascáil leagtar béim ar thacaíocht láidir an Choiste d’fhócas leanúnach na hÉireann ar riachtanais na ndaoine is boichte agus is leochailí ar fud an domhain. Moltar Éire as a bhfuil déanta aici ó thaobh cúnamh neamhcheangailte de.
Agus é ag labhairt leis an gCoiste ag an seoladh, dúirt an tAire Cannon an méid a leanas:
“Dírítear aird sa tuarascáil ar na dúshláin dhomhanda atá romhainn. Agus muid ag iarraidh tosaíochtaí maidir le maoiniú forbartha a leagan síos, ionas go mbeidh sé réidh do na deich mbliana amach romhainn, cabhraíonn an tuarascáil seo linn chun cúrsaí a léiriú d’fhonn an chéad bhabhta eile de thosaíochtaí beartais a chur in iúl.
“Meabhraíonn do thuarascáil idircheangailteacht ár bpláinéad beag ach casta dúinn, agus ról na hÉireann i dtaca le freagairt do dhúshláin ár gcomharsana, bíodh siad san Afraic, sa Mheánoirthear nó in aon áit eile. An bealach is fearr chun ár leas féin a chosaint ná comharsanacht slán, socraithe agus rathúil.”
Leagtar béim sa tuarascáil ar roinnt mórthéamaí a léiríonn cáilíocht rannpháirtíocht idirnáisiúnta na hÉireann agus éilítear méadú ar an gcaiteachas ar Chúnamh Forbartha Oifigiúil ó Éirinn. Sna conclúidí, tugann an Coiste roinnt tuairimí tábhachtacha agus cabhracha maidir le hobair na hÉireann chun na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach go hidirnáisiúnta agus ar bhonn intíre, úsáid cothrománach na mbealaí déthaobhacha agus iltaobhacha chun cabhair a eisíoc; ag foghlaim ó thaithí ag leibhéal tíre trí stair fhada na hÉireann ag obair le páirtithe lárnacha agus ag cinntiú gur ann do chumarsáid mhaith maidir leis an gclár cúnaimh sa bhaile.
CRÍOCH