Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Tánaiste maidir leis an eachtra thubaisteach in Toronto

Cháin an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Simon Coveney T.D. go láidir an eachtra thubaisteach a tharla inné in Toronto mar ar maraíodh deichniúr nuair a chuaigh veain suas ar an gcolbha agus ar thiomáin an veain trí ghrúpaí coisithe.

Dúirt an Tánaiste:

“Cáinim go láidir an iarracht a rinneadh, de réir dealraimh, dá mhéad duine agus is féidir a ghortú agus a mharú. Cé nach dtuigtear go fóill cén chúis a bhí leis an ionsaí agus cé nach ndearnadh aon nasc leis an tslándáil náisiúnta go fóill, is uafásach an tubaiste í.

“Ar son Rialtas agus Mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlaigh agus cairde na ndaoine a cailleadh.
“Tá sé ríbhrónach mar scéal, go háirithe chomh luath tar éis na heachtra a bhain d’fhoireann haca The Humboldt Broncos nuair a cailleadh 15 duine mar go dtuigim óna bheith ag labhairt le gaolta liom atá ina gcónaí i gCeanada, go ndeachaigh sé go mór i gcion ar mhuintir Cheanada.

“Déanaim comhbhrón ó chroí le mhuintir Cheanada ag an am deacair seo.
“Tuigim go mbeidh muintir Cheanada agus muintir Toronto go háirithe go mór faoi bhrón inniu. Ba mhaith liom a chur in iúl dóibh go seasann muintir na hÉireann le muintir Toronto agus le muintir Cheanada.
“Níor tuairiscíodh gur bhain an eachtra d’Éireannach ar bith. Má tá cúnamh de dhíth ar Éireannach ar bith nó má tá teaghlach nó cairde in amhras faoi dhuine, ba cheart teagmháil a dhéanamh le 01 408-2000”

CRÍOCH