Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire McEntee le ceannas a ghlacadh ar Chomhphlé na Saoránach maidir le Todhchaí na hEorpa

Beidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee T.D. i gceannas ar Chomhphlé na Saoránach maidir le Todhchaí na hEorpa don phobal agus d’eagraíochtaí deonacha Déardaoin an 5 Aibreán i mBaile Átha Cliath.

Eagraítear an comhphlé i gcomhar le The Wheel agus beidh fáilte roimh ionadaithe ó eagraíochtaí pobail agus deonacha agus carthanais ar mian leo cur leis an díospóireacht i ndáil le Todhchaí na hEorpa.
Sheol an Taoiseach, Leo Varadkar T.D. tionscnamh Chomhphlé na Saoránach i mí na Samhna 2017 chun dearcadh, tuairimí agus tuiscintí na saoránach ar an Aontas Eorpach a fháil. Táthar ag súil go rachaidh na tuairimí a léirítear faoin Eoraip i bhfeidhm ar ionchur Rialtas na hÉireann sa díospóireacht leathan faoi thodhchaí na hEorpa.

Reáchtáladh Comhphlé Saoránach i nGaillimh, i gCorcaigh agus i nDún na nGall cheana, agus beidh ceann ar siúl san Uaimh ar an 19 Aibreán.
Tá an comhphlé mar chuid de phróiseas comhairliúcháin agus rannpháirtíochta níos mó atá ag ar bun ag an Rialtas ar fud na hÉireann maidir le Todhchaí na hEorpa ar a mbeidh Comhphlé Náisiúnta na Saoránach a reáchtálfar ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath, mar thoradh leis.

Agus í ag labhairt roimh an imeacht, dúirt an tAire McEntee:”Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an deis ag an tsochaí shibhialta dearcadh, tuairimí agus ceisteanna faoi thodhchaí na hEorpa a léiriú. Is cúis áthais dom go mbeidh mé i gceannas ar an gcomhphlé seo i gcomhar le The Wheel, mar a mbeidh na baill in ann dul i bhfeidhm ar an bpróiseas tábhachtach seo. Tá mé ag súil leis an gcomhphlé agus le haiseolas agus smaointe a fháil ó eagraíochtaí ó áiteanna fud fad na tíre."

Dúirt Deirdre Garvey, Príomhfheidhmeannach The Wheel: “Tugann eagraíochtaí na sochaí sibhialta guth do riachtanais agus ceisteanna na saoránach. Mar sin, is páirtithe leasmhara ríthábhachtacha iad sa díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa. Cuireann an t-imeacht seo deis iontach ar fáil d’eagraíochtaí pobail, d’eagraíochtaí deonacha agus do charthanais tuairimí a léiriú maidir lena bhfuil ag tarlú san Aontas Eorpach agus maidir leis an gcaoi ar féidir linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin le chéile."

Is féidir le hionadaithe ó eagraíochtaí pobail, ó eagraíochtaí deonacha agus ó charthanais clárú do Chomhphlé na Saoránach anseo.
Moltar do bhaill an phobail clárú don Chomhphlé Saoránach réigiúnach i gCo. na Mí ar an 19 Aibreán agus cuirtear in iúl do bhaill an phobail gur féidir leo siúd nach bhfuil in ann freastal ar na himeachtaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht ach moladh a dhéanamh ar líne ag www.dfa.ie/eu.

Nóta d'eagarthóirí:
Is foras tacaíochta agus ionadaíochta é The Wheel a thugann eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí deonacha agus carthanais le chéile ar fud na tíre. Bunaíodh i 1999 é agus tá The Wheel ina ionad acmhainní agus fóram don earnáil phobail agus dheonach.

CRÍOCH