Dearbhú ón Ísiltír agus ó Éirinn i ndáil le comhairliúchán déthaobhach
Press release
11 April 2018Comh-phreasráiteas
Dearbhú ón Ísiltír agus ó Éirinn i ndáil le comhairliúchán déthaobhach
Tá caidreamh iontach déthaobhach idir an Ísiltír agus Éire agus oibríonn siad le chéile san Aontas Eorpach.
Mar chomhpháirtithe, ní hamháin go n-oibrímid i gcomhar san Aontas Eorpach ach téimid i gcomhar do fóraim idirnáisiúnta lena n-áirítear na Náisiún Aontaithe. Inniu phléamar an comhoibriú agus pleananna coiteanna lena n-áirítear caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an Afraic, próiseas síochána an Mheánoirthir agus dul i gcomhar lena chéile ag na Náisiún Aontaithe. Is ball í an Ísiltír de Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.
Rinne Éire comóradh 20 bliain ar Chomhaontú síochána Aoine an Chéasta an tseachtain seo. Inniu, táimid aontaithe sa chomhghealltanas a tugadh go gcosnófaí Comhaontú Aoine an Chéasta agus an dul chun cinn a rinneadh sa phróiseas síochána, lena n-áirítear trína áirithiú nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann, san idirbheartaíocht a dhéanfar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas maidir le Brexit.
Beidh tionchar mór ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas ar an dá thír. Is cúis áthais dúinn na treoirlínte a ghlac an Chomhairle Eorpach an mhí seo caite lena gcuirtear in iúl athuair tiomantas an Aontais do chomhpháirtíocht a láidre agus is féidir a bhunú leis an Ríocht Aontaithe don todhchaí. Táimid ag súil go dtiocfaidh an Ríocht Aontaithe chuig an idirbheartaíocht sa Bhruiséil leis an dúthracht chéanna agus go dtiocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar réiteach a bhfuil rath agus slándáil na saoránach a chosaint agus a chur chun cinn lárnach ann.
CRÍOCH