Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, i mbun cuairt oifigiúil ar Washington DC

An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, i mbun cuairt oifigiúil ar Washington DC

Inniu, Dé Céadaoin an 4 Deireadh Fómhair, cuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney TD, tús le cuairt oibre dhá lá ar Washington DC, a chéad chuairt ar phríomhchathair na Stát Aontaithe ó ceapadh é ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mí an Mheithimh seo caite.

Beidh an tAire Coveney ag bualadh inniu le Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, Wilbur Ross, lena n-ardóidh sé cás frithdhumpála Bombardier, agus le Stiúrthóir na hOifige Bainistíochta agus Buiséid, Mick Mulvaney. Is beirt iadsan a bhfuil róil shinsearacha acu i rialtas Trump.

I spreagaitheasc a thabharfaidh sé tráthnóna, labhróidh an tAire Coveney le thart ar 100 aoi, ag an Ionad Staidéir Straitéisigh agus Staidéir Idirnáisiúnta, faoin mBreatimeacht agus faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar oileán na hÉireann.

Ar an Déardaoin, buailfidh an tAire Coveney leis an gCeann Comhairle, Paul Ryan, agus le Ceannaire Daonlathach an Tí, Nancy Pelosi. Beidh sé ag bualadh freisin le baill eile den Chomhdháil ón bpáirtí Daonlathach agus ón bpáirtí Poblachtach, chomh maith le Cumann Tráchtála na Stát Aontaithe.

Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire Coveney:

"Is é an príomhchuspóir atá agam agus mé ar mo chéad chuairt ar Washington DC i gcáil Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ná dul i gcomhairle le rialtas Trump agus le hionadaithe ó dhá thaobh na Comhdhála. Tar éis na tragóide a tharla in Las Vegas, déanfaidh mé mo chomhbhrón féin lenár gcairde go léir sna Stáit Aontaithe agus cuirfidh mé comhbhrón mhuintir na hÉireann in iúl dóibh.

"Tabharfaidh mé an scéala is déanaí do roinnt dár bpríomhtheagmhálaithe polaitiúla faoi chúrsaí in Éirinn, lena n-áirítear an dul chun cinn leanúnach i dtaobh an gheilleagair, tionchar an Bhreatimeachta ar oileán na hÉireann agus an staid pholaitiúil i dTuaisceart Éireann.

"Beidh sé á dheimhniú arís agam gur mhór ag an Rialtas é dá gceapfadh Rialtas na Stát Aontaithe Toscaire Speisialta nua do Thuaisceart Éireann, mar chuid dá thacaíocht leanúnach don Phróiseas Síochána.

"Déanfaimid plé freisin faoin tábhacht leanúnach atá leis an gcaidreamh geilleagrach idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus faoi shaincheisteanna beartais eachtraigh an lae inniu.

"Luafaidh mé ábhair imní atá againn le fada faoi stádas na nÉireannach sna Stáit Aontaithe nach bhfuil cáipéisí inimirce acu. I dtaca leis sin, táim an-sásta go mbeidh an Leas-Theachta John Deasy, Toscaire Speisialta an Rialtais chuig Comhdháil SAM i ndáil le Daoine Gan Cáipéisí Inimirce, i mo chuideachta in Washington DC chun páirt a ghlacadh sa phlé faoi chúrsaí inimirce.

"Ardóidh mé cás Bombardier i mo chruinniú leis an Rúnaí Wilbur Ross. Beidh mé ag cur in iúl dó an imní atá ar Rialtas na hÉireann, ina cháil mar chomh-ráthóir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, faoin tionchar tromchúiseach a d'fhéadfadh a bheith ag rialú diúltach ar lucht oibre Bombardier i mBéal Feirste agus ar an gcobhsaíocht gheilleagrach níos leithne i dTuaisceart Éireann, atá ina bunchloch riachtanach ag an bPróiseas Síochána."


CRÍOCH