Ráiteas ón Aire Coveney maidir le seoladh Diúracáin na Cóiré Thuaidh
Press release
18 December 2017"Is cúis mhór imní dom na tuairiscí go ndearna an Chóiré Thuaidh tástáil ar dhiúracán balaistíoch idir-ilchríochach eile. Le tástálacha den sórt sin, déantar sárú amach is amach ar an dlí idirnáisiúnta, mar a léirítear i Rúin éagsúla de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus cuirim mo ghuth le mo chomhghleacaithe san Aontas Eorpach chun na bearta sin cháineadh go hiomlán.
Tá an pobal idirnáisiúnta fós aontaithe ag iarraidh ar an gCóiré Thuaidh deireadh a chur leis na cláir atá ar bun aici chun diúracáin bhalaistíocha, cumas núicléach agus airm ollscriosta a fhorbairt, agus an méid sin a dhéanamh ar bhealach atá iomlán, infhíoraithe agus nach bhféadfar a chur ar gcúl. Ní bhíonn feidhm ar bith ag a cuid beart gríosaitheach ach cur leis an teannas sa réigiún sin agus níos faide i gcéin.
Is tábhachtaí ná riamh anois é go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir páirteach sna hiarrachtaí chun dí-armáil núicléach a bhaint amach. Tacaíonn Éire go hiomlán leis an gcóras smachtbhannaí idirnáisiúnta i gcoinne na Cóiré Thuaidh, lena n-áirítear bearta sriantacha uathrialacha an Aontais Eorpaigh."
CRÍOCH