Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan ar Éirinn agus Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan

Aire Charles Flanagan, Na Náisiúin Aontaithe, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

"Tá Éire ina ball de na Náisiúin Aontaithe ón mbliain 1955 i leith. Glacaimid páirt san eagraíocht sin thar réimse iomlán a gníomhaíochta agus comhlíonaimid na coinbhinsiúin lena rialaítear rannpháirteachas, lena n-áirítear maidir le toghcháin a reáchtáil. Ina measc siúd tá an coinbhinsiún nach ndéanann na baill a gcuid vótaí a nochtadh don phobal. Tá feidhm aige sin i leith na dtoghchán go léir (d'fhéadfadh níos mó ná 20 toghchán a bheith ar bun in aghaidh na bliana) agus is ar chúiseanna maithe a chloíonn na Ballstáit leis. Cuidíonn an cleachtas le dea-fheidhmiú na Náisiún Aontaithe, atá comhdhéanta de Bhallstáit ag a bhfuil tuairimí agus cúlraí polaitiúla an-éagsúil, agus cabhraíonn sé éascú do thorthaí a bhaint amach i leith saincheisteanna íogaire.

"Is é mo thuairim láidir é go ndéanfadh sé an-dochar do chumas na hÉireann a bheith i mbun caidreamh idirnáisiúnta éifeachtach mura gcloífimid leis an gcleachtas seanbhunaithe sin. Ba mhífhreagrach an mhaise dom é droim láimhe a thabhairt le cleachtas atá i bhfeidhm le breis agus trí scór bliain, ar chloígh gach rialtas roimhe seo leis agus atá bunaithe ar luachanna tíortha beaga a chosaint agus a chur chun cinn ar ardán an domhain.

"I gcruinnithe le rialtais tíortha a bhfuil Éire buartha faoi chearta daonna iontu, leag mé amach go soiléir na hábhair imní sin. I Ríocht na hAraibe Sádaí anuraidh, luaigh mé go lom díreach an gá atá le dul chun cinn agus mé i mbun plé le húdaráis na tíre sin. Tá an méid sin ar an taifead poiblí. Baineann Éire leas as na cainéil taidhleoireachta go léir atá ar fáil dúinn chun cearta an duine a chur chun cinn.

"Tá cúlra an-láidir ag Éirinn maidir le cearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn ag na Náisiúin Aontaithe, agus tá muinín ag ballraíocht na Náisiún Aontaithe asainn agus meas acu orainn dá réir. Ag fónamh di mar chomhalta den Chomhairle um Chearta an Duine (2013-2015) agus de Bhord Feidhmiúcháin Mhná NA (2012-2013), bhí Éire ag obair chun aird a dhíriú ar shaincheisteanna éagsúla a théann i bhfeidhm ar mhná agus cailíní. Táimid ag tacú le fada le clár oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála ag na Náisiúin Aontaithe agus, ina theannta sin, tá cur chun cinn an chomhionannais inscne agus chumasú na mBan ina chuid dhílis dár gclár forbartha thar lear.

"Tá Éire ina ball den Choimisiún um Stádas na mBan faoi láthair. Ghlac Éire cathaoirleacht an Choimisiúin i mí an Mhárta, rud a léiríonn an cháil atá orainn i ndáil le comhionannas inscne a chur chun cinn.

"Tá an Coimisiún ina fhóram thar a bheith tábhachtach don tsochaí shibhialta freisin. Cé go bhfuil cáineadh déanta ar na Náisiúin Aontaithe as gan a chinntiú go dtugtar éisteacht do ghuthanna eagraíochtaí na sochaí sibhialta, sampla den dea-chleachtas is ea an Coimisiún um Stádas na mBan."

CRÍOCH