Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Clár i gcomhair fiontraithe atá ag filleadh ón eisimirce fógartha ag an Aire McHugh

Minister Joe McHugh, Éireannaigh Thar Lear, Maoiniú, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Clár Meantóireachta nua, faoi chistiú an Rialtais, fógartha ag an Aire um Ghnóthaí Diaspóra d'fhiontraithe atá ag filleadh ón eisimirce

- Suas le €100,000 a leithdháileadh ag an Rialtas don tionscadal

- Tá an tionscadal ina chuid de chur chun feidhme an Bheartais Diaspóra agus eascraíonn sé ón obair a rinne an tAire McHugh agus é ina Chathaoirleach ar an gCoiste Idir-rannach um na hÉireannaigh Thar Lear

- Tá clár píolótach bliana á chur ar bun lena chinntiú go bhfreastalóidh an tionscnamh ar riachtanais na rannpháirtithe agus na bpobal

Inniu (Dé Céadaoin) d'fhógair an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, Joe McHugh, TD, go bhfuil clár meantóireachta nua á chistiú ag an Rialtas chun tacaíocht a thabhairt d'eisimircigh Éireannacha atá ag filleadh abhaile agus ar mian leo dul i mbun gnó in Éirinn. Leithdháilfear cistiú suas le €100,000 ar an tionscadal i mbliana mar chuid den obair a dhéanann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir leis an rannpháirtíocht leis an diaspóra ar bhonn áitiúil.

Is tionscnamh tábhachtach nua é chun feidhmiú a dhéanamh ar Bheartas Diaspóra an Rialtais, ina ngealltar cúnamh praiticiúil a thabhairt dóibh siúd a d'fhág Éire agus ar mian leo teacht ar ais abhaile.

Faoin tionscnamh nua sin, beifear ag cuidiú le heisimircigh atá tagtha abhaile, nó a bhfuil sé i gceist acu teacht ar ais chun cónaí in Éirinn agus dul ag obair anseo, chun gníomhaíocht fiontraíochta a chothú agus tacú léi trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní agus na dúshláin a bhaineann le gnó a chur ar bun i gcás an dreama áirithe sin.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire McHugh:

"I mo cháil mar an Aire um Ghnóthaí Diaspóra, bhuail mé go leor imircigh Éireannacha ar fud an domhain atá ag iarraidh filleadh abhaile ach atá buartha faoi na dúshláin atá rompu. Tá mé ag obair le comhghleacaithe ar fud an rialtais i mo ról mar Chathaoirleach an Choiste Idir-rannaigh um na hÉireannaigh thar lear lena chinntiú go mbeidh cur chuige comhtháite ag an rialtas maidir le cuspóirí an Bheartais Diaspóra a bhaint amach, agus go n-éireoidh leis réiteach a fháil ar na saincheisteanna a bhaineann leis na hÉireannaigh thar lear agus leo siúd atá ag iarraidh filleadh abhaile.
"Ba mhaith linn go dtiocfadh eisimircigh Éireannacha abhaile agus ba mhaith linn ról bríomhar a bheith acu ina bpobail agus sa tsochaí anseo. Tá clár an lae inniu dírithe ar thacú le heisimircigh atá ag teacht abhaile agus tograí iontacha acu i dtaobh dul i mbun gnó."

Glacfar cur chuige nua i leith na tacaíochta sa chlár meantóireachta d'fhiontraithe atá ag filleadh abhaile ón eisimirce agus tacófar le cúrsaí gnó in Éirinn faoi. Dúirt an tAire:

"Is minic is féidir le heisimircigh atá ag filleadh abhaile an-chuid a dhéanamh ar mhaithe lena gcuid pobal áitiúil. Tugtar le fios sa taighde go gcuireann tréimhsí cónaí thar lear leis an gcumas i dtaobh dul i mbun gnó agus gnó a chothú. Ach bíonn dúshláin ghnó le sárú ag eisimircigh atá ag filleadh abhaile, dúshláin a bhaineann go sonrach lena gcás féin. Ina measc siúd tá bearnaí maidir le líonraí pearsanta agus líonraí gairmiúla, tacaíocht, agus eolas áitiúil cothrom le dáta a bheadh riachtanach ionas go n-éireodh le gnóthaí nua a chuirfí ar bun.

"Beidh an clár ag iarraidh iarratais a mhealladh ó eisimircigh a bheidh ag filleadh abhaile nó a tháinig abhaile le déanaí agus a bhfuil uaillmhian fiontraíochta acu, cibé an mian leo gnó a bunú, dul i mbun comhpháirtíochta, gnólacht a cheannach nó infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí atá ann cheana féin, nó ról fiontraíochta a bheith acu, ag cur comhairle ar ghnólachtaí seanbhunaithe agus ag tacú leis an nuálaíocht iontu."

CRÍOCH

An Phreasoifig

3 Bealtaine 2017

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ:

Cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cistiú agus tacaíocht nach beag ar fáil tríd an gClár Tacaíochta Eisimirceach de chuid Rialtas na hÉireann d'eagraíochtaí a bhíonn ag obair le saoránaigh atá ag iarraidh filleadh ar Éirinn. Le deich mbliana anuas tá os cionn €4 mhilliún curtha ar fáil d'eagraíochtaí Éireannacha a bhíonn ag obair le heisimircigh atá ag filleadh abhaile. Tugadh €60,000 do na heagraíochtaí sin in 2016 de bhreis ar chistiú na bliana roimhe sin.

Eiseofar iarraidh ar thairiscintí sula i bhfad i gcomhair soláthraí seirbhíse chun an tionscadal nua seo a chur i gcrích.

Ag deireadh an chláir phíolótaigh bliana seo, déanfar athbhreithniú ar an gclár, agus béim ar leith á leagan ar thomhas a dhéanamh ar thionchar praiticiúil an chláir ar na rannpháirtithe agus ar a bpobal, agus ar a méid a chuidigh an clár leis an ngeilleagar.