Cruinniú idir an tAire Stáit McEntee agus Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, an tUasal Jagland
Press release
29 June 2017Inniu bhuail an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Helen McEntee, TD, le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, an tUasal Thorbjørn Jagland, chun plé a dhéanamh i dtaobh na hoibre a dhéanann Comhairle na hEorpa agus an ról atá aici maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.
Chuir an tAire McEntee in iúl an meas atá aici ar cheannaireacht láidir an Ard-Rúnaí Jagland ar Chomhairle na hEorpa. Chuir sí i gcuimhne dó go dtugann Éire tacaíocht láidir do Chomhairle na hEorpa agus go bhfuil an tír seo ina ball gníomhach den Chomhairle ó bunaíodh í i 1949. Mhol an tAire McEntee an obair a dhéanann Comhairle na hEorpa agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus dúirt:
"Is é an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an fóram is tábhachtaí maidir le cearta an duine a chosaint san Eoraip. Leis na breithiúnais uaithi. ní hamháin gur tugadh treoir do bhallstáit Chomhairle na hEorpa, ach freisin do thíortha eile ar fud an domhain, i ndáil leis na céimeanna nach mór dóibh a ghlacadh chun cearta bunúsacha a urramú agus a dhaingniú. In Éirinn, tá muid an-eolach ar na buntáistí a bhaineann le hobair na Cúirte maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus tá áthas orainn a bheith ag tacú leis an gCúirt ina cuid oibre."
Tabharfaidh an tArd-Rúnaí Jagland spreagaitheasc ag Teach Uíbh Eachach ar oíche an 29 Meitheamh faoi ról agus tionchar na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine." Le linn a chuairte, beidh an tArd-Rúnaí Jagland ag bualadh freisin leis an Uachtarán Ó hUiginn, leis an Aire Dlí agus Cirt, Charlie Flanagan TD agus leis an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD.
CRÍOCH
An Phreasoifig
29 Meitheamh 2017