Aitheantas atá tugtha do na fadhbanna ar leith atá ag Éirinn i rún ó Pharlaimint na hEorpa
08 May 2017Chuir an tAire Flanagan fáilte roimh an aitheantas atá tugtha do na fadhbanna ar leith atá ag Éirinn i rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an mBreatimeacht inniu.
Is mór ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, gur ghlac formhór mór na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa inniu rún ina gcuirtear i láthair cur chuige na Parlaiminte i leith na caibidlíochta atá romhainn leis an Ríocht Aontaithe faoin mBreatimeacht.
Ag labhairt dó ó Bhaile Átha Cliath inniu, dúirt an tAire Flanagan:
"Beidh ról tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa i bpróiseas an Bhreatimeachta atá romhainn, agus dá bhrí sin cuirim fáilte roimh an bhfaomhadh deimhin a rinneadh ar rún cuimsitheach an lae inniu. Is mór an misneach a thugann sé dom go gcuimsítear sa rún aitheantas an-láidir ar na cúiseanna imní ar leith atá ag Éirinn faoin mBreatimeacht. Léiríonn an seasamh sin an tuiscint mhaith atá ag an bParlaimint ar na fadhbanna ar leith atá againn, go háirithe i ndáil leis an bpróiseas síochána, an teorainn agus an gComhlimistéar Taistil, agus an gá atá ann dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna sin sa chaibidlíocht atá le teacht.
"Tá an rún ó Pharlaimint na hEorpa, i dteannta le téacs na ndréacht-Treoirlínte a bheidh le breithniú ag an gComhairle Eorpach ar an 29 Aibreán agus leis an aitheantas atá tugtha do chúiseanna imní na hÉireann i litir fógra an Phríomh-Aire, ina shampla eile fós de na sochair atá tagtha as feachtas taidhleoireachta láidir na hÉireann le roinnt míonna anuas agus as an leibhéal tuisceana ar dhálaí uathúla na hÉireann. Is léiriú soiléir í an tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa, a bhfuair a rún inniu tacaíocht ó bheagnach gach ceann de na Príomhghrúpaí Polaitiúla Eorpacha, chomh maith le hinstitiúidí eile AE agus Ballstáit eile AE, go mbeidh Éire i mbun caibidlíochta ar bhonn stuama."
Dúirt an tAire freisin:
"Bhí cruinnithe an-dearfach agam féin agus mo chomhghleacaithe le Feisirí sinsearacha de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le cúiseanna imní ar leith na hÉireann. Go háirithe, ba mhaith liom moladh a thabhairt don cheannaireacht atá léirithe ag Guy Vershofstadt FPE ina ról mar ionadaí Pharlaimint na hEorpa maidir le cúrsaí an Bhreatimeachta agus do chomhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla. Tá ról an-tábhachtach á imirt ag FPEanna na hÉireann freisin. Táim ag tnúth le rannpháirtíocht leanúnach leis an bParlaimint sna míonna atá amach romhainn."
CRÍOCH
An Phreasoifig
5 Aibreán, 2017