An tAire Flanagan ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha an AE
04 November 2016-
Bhí cainteanna déthaobhacha ag an Aire Flanagan le hAire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg, Jean Asselborn, faoi shaincheisteanna beartais eachtraigh agus saincheisteanna AE lena n-áirítear an Bhreatimeacht
-
Beidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ag díriú ar an tSiria, an Túinéis, Imirce agus Straitéis Dhomhanda an AE maidir leis an mBeartas Eachtrach agus Slándála
-
Leagfaidh an tAire Flanagan béim arís ar an bpráinn a bhaineann le deireadh a chur lena bhfuil le fulaingt ag muintir na Siria
-
Ina theannta sin, beidh an tAire Flanagan i láthair ag cruinniú d'Airí Gnóthaí Eachtracha Pháirtí an Phobail Eorpaigh agus buailfidh sé le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine
Thaistil an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., go Lucsamburg inné (Dé Domhnaigh) chun bualadh le hAire Gnóthaí Eachtracha Lucsamburg, Jean Asselborn, sular tháinig Airí Gnóthaí Eachtracha an AE le chéile inniu (Dé Luain) i gcomhair Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an AE.
Bhí na cainteanna leis an Aire Asselborn dírithe ar na himpleachtaí atá ag an gcinneadh a rinne na toghthóirí sa Ríocht Aontaithe imeacht as an AE. Ba é sin an dara cruinniú déthaobhach idir an tAire Flanagan agus an tAire Asselborn ó reáchtáladh an reifreann sa Ríocht Aontaithe agus phléigh na hAirí saincheisteanna is ábhar imní do gach tír. Dhírigh an tAire Flanagan ar Thuaisceart Éireann, ar an bPróiseas Síochána, ar an gComhlimistéar Taistil agus ar an teorainn, chomh maith leis an dlúthchaidreamh trádála idir muid féin agus an Ríocht Aontaithe.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Flanagan:
"Chuir mé tús leis an gcéad bhabhta dian de chainteanna le hAirí Gnóthaí Eachtracha an AE sna seachtainí tar éis an reifrinn sa Ríocht Aontaithe agus leag mé amach go soiléir príomhábhar cúraim na hÉireann ag éirí as an toradh a bhí air. Anois nuair atá clár ama níos soiléire againn i dtaobh an Ríocht Aontaithe a bheith ag agairt Airteagal 50, tá mé ag dul i mbun babhta eile cainteanna déthaobhacha le mo chomhghleacaithe ar fud na hEorpa chun iad a choinneáil ar an eolas faoi ábhair imní ar leith na hÉireann, agus chun éisteacht lena gcuid tuairimí agus a gcineálacha cur chuige féin. Bhí áthas orm deis eile a bheith agam chun plé déthaobhach luachmhar a dhéanamh leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Asselborn, a bhfuil dea-chaidreamh oibre agam leis ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha."
Inniu (Dé Luain), ghlac an tAire Flanagan páirt i gcruinniú d'Airí Gnóthaí Eachtracha Pháirtí an Phobail Eorpaigh agus bhuail sé le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine. Ar ball ar maidin, beidh sé ag freastal ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, áit a mbeidh an tSiria, an Túinéis, cúrsaí imirce agus Straitéis Dhomhanda an AE ar Bheartas Eachtrach agus Slándála faoi chaibidil.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Flanagan:
"Is mór an méid atá le fulaingt ag muintir na Siria, agus go háirithe muintir Aleppo, mar gheall ar na hionsaithe uafásacha ar an gcathair. Ní mór go mbainfeadh an AE leas as a thionchar chun dul i bhfeidhm go práinneach ar an Rúis agus ar an Iaráin – ní mór dúinn é a chur in iúl go soiléir nach bhféadfar glacadh leis an tacaíocht atá á tabhairt acu do réimeas Assad agus don mhéid atá ar bun ag an réimeas sin. Tá sé ráite go soiléir agam cur ábhar tosaíochta práinní againn é deireadh a chur leis an gcoimhlint sa tSiria agus na céimeanna criticiúla nach mór a ghlacadh: tús a chur leis na sosanna cogaidh arís láithreach, deireadh a chur leis an diúltú don rochtain dhaonnúil in Aleppo agus ar fud na Siria, filleadh arís ar an gcaibidlíocht pholaitiúil faoi na Náisiúin Aontaithe agus tacaíocht a thabhairt d'aistriú polaitiúil ceart sa tSiria, agus cuntasacht dlí le haghaidh íospartaigh na gcoireanna millteanacha a rinneadh i gcoinne mhuintir na Siria".
CRÍOCH
An Phreasoifig
17 Deireadh Fómhair, 2016