Aitheasc ón Aire Flanagan os comhair na Dála faoi Bhuiséad 2017
04 November 2016-
Méadú €10m ar Bhuiséad an Chúnaimh Oifigiúil Forbartha do 2017
-
An tAire chun Meamram a chur faoi bhráid an Rialtais ionas go gcuirfear chun feidhme gealltanais a tugadh faoi Chlár an Rialtais i dtaobh straitéisí tras-earnála uile-rialtais a thabhairt isteach i leith réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus Críocha Mheiriceá
-
Cistiú breise €4m do Phróiseas Nuachóirithe na bPasanna – Teicneolaíocht Aghaidh-aitheanta le tabhairt isteach chomh maith le sruthlíniú ar na seirbhísí athnuachana
-
Rannóg nua sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht
-
An tAire Flanagan chun dul ar Mhisin Trádála chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach agus an Fhrainc
Labhair an tAire Flanagan leis an Dáil inniu i dtaobh na dtosaíochtaí atá ag a Roinn faoi Bhuiséad 2017.
Thagair sé don mhéadú ar Bhuiséad an Chúnaimh Oifigiúil Forbartha, agus dúirt:
"Don dara bliain as a chéile, tá an leithdháileadh iomlán um Chúnamh Oifigiúil Forbartha (COF) méadaithe. Don bhliain 2017, tá an Rialtas ag leithdháileadh €651 milliún i leith COF, méadú €10 milliún i gcomparáid le leithdháileadh na bliana 2016."
Ag tagairt dó don aeraistriú soláthairtí daonnúla a rinneadh le déanaí chuig cathair Mosul atá faoi léigear san Iaráic agus don ghealltanas luach €62 milliún de thacaíocht dhaonnúil a thabhairt do mhuintir na Siria faoi dheireadh na bliana, dúirt an tAire Flanagan:
"Le cúpla lá anuas, d'fhógraíomar cistiú breise €7.5 milliún do mhuintir na Siria, a fhágfaidh go mbeidh €62 milliún tugtha againn faoi dheireadh na bliana chun cuidiú leo ó thosaigh an choinbhleacht uafásach seo. Is é sin an chabhair dhaonnúil is mó uainn le blianta fada agus déanfaimid tuilleadh nuair is féidir linn é. Is trua linn an cruachás ina bhfuil muintir na Siria agus táimid ag tacú go láidir le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe deireadh a chur leis an bhforéigean gránna. Is mian linn go ndéileálfaidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta leo siúd atá ciontach as an slad agus an marú."
Ag labhairt dó faoina ról i dtaobh na Trádála, dúirt an tAire Flanagan:
"Ó thaobh na trádála, is maith mar is eol dúinn go léir an tábhacht a bhaineann le margadh na Ríochta Aontaithe d'onnmhaireoirí na hÉireann. Mar sin féin, tá mé tar éis a bheith ag obair chun díriú isteach ar mhargaí eile. Creidim gur féidir linn dul i bhfód i bhfad níos mó ar an margadh i mballstáit eile de chuid an AE agus táim dírithe ar an méid sin. Ach táimid ag féachaint níos faide anonn ná teorainneacha na hEorpa freisin.
"Beidh an chéad chruinniú eile den Chomhairle Trádála Easpórtála, a bhfuil mise ina chathaoirleach uirthi, ar siúl ar an Máirt agus beimid ag díriú ar réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Tá sé i gceist agam sula i bhfad meamram a chur faoi bhráid ionas go gcuirfear chun cinn gealltanais a tugadh faoi Chlár an Rialtais i dtaobh straitéisí tras-earnála uile-rialtais a thabhairt isteach i leith réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus Críocha Mheiriceá.
"Díreach aon mhí amháin tar éis thoradh an Reifrinn, d'fhógair mé féin agus an tAire Mitchell O'Connor clár leathnaithe misean trádála idirnáisiúnta faoina gcuirfear 68 imeacht ar bun idir seo agus deireadh na bliana, agus 26 misean trádála faoi stiúir aire ina measc. An mhí seo caite d'fhreastail mé ar imeacht le Fiontraíocht Éireann i Nua-Eabhrac agus sna seachtainí atá amach romhainn beidh mé i gceannas ar mhisin trádála chuig an Fhrainc agus chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Araib Shádach.
"Sna seachtainí beaga atá imithe tharainn thacaigh ár líonra misean le trí chuairt a thug airí ar réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Is ríthábhachtach iad na cuairteanna polaitiúla sa réigiún sin chun ár gcaidreamh trádála agus infheistíochta a threisiú agus a neartú. Leanfaidh ár misin ar aghaidh ag tacú le clár uaillmhianach na misean trádála atá beartaithe don chuid eile den bhliain seo i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, ar mór agam a gcuid oibre, agus ag éascú do na misin sin.
"Níos luaithe i mbliana, sheol mé Straitéis Taidhleoireachta Geilleagraí lena bhféachtar chun tógáil ar an gcomhdhlúthú ar ról trádála na Roinne le blianta beaga anuas trí líonra Ataiséanna Tráchtála a bhunú chun cur le raon agus tionchar ghníomhaíochtaí na nAmbasáidí ar mhaithe leis an trádáil. Tá an straitéis sin á cur i bhfeidhm i gCathair Mheicsiceo, Brasilia, Buenos Aires, Búcairist, agus Iacárta – áiteanna ina bhfuil deiseanna geilleagracha le tapú."
Ag tagairt dó don infheistíocht bhreise i Seirbhís na bPasanna, dúirt an tAire Flanagan:
"Faoin mBuiséad seo, is féidir le mo Roinn coinneáil leis an gclár nuálaíochta dár gcuid Seirbhísí Pasanna. Tá dhá rud a spreagann an próiseas nuachóirithe atá againn: seirbhís níos fearr do shaoránaigh Éireannacha agus an gá atá le hoiriúnú leanúnach chun pasanna a chosaint ionas nach féidir le coirpigh mí-úsáid a bhaint astu.
"Tháinig méadú ollmhór ar an éileamh ar phasanna i mbliana, agus bhí cúpla cúis leis sin. Tháinig méadú nach beag ar líon na ndaoine a thaistil thar lear, daoine a fuair spreagadh, gan amhras, ón bhfás seasta atá fós le sonrú sa gheilleagar agus ag an mborradh faoin muinín sa tír seo. Sa tréimhse ó Eanáir go Lúnasa i mbliana, thóg muintir na hÉireann níos mó ná 600,000 turas breise thar lear, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Thuairisc an Phríomh-Oifig Staidrimh go ndearnadh níos mó ná cúig mhilliún turas den sórt sin sa chéad ocht mí den bhliain seo i gcomparáid le beagán beag os cionn 4.4 milliún turas in 2013. D'fhág an méadú mór ar líon na ndaoine a bhí ag taisteal gur tháinig méadú mór ar an éileamh ar Sheirbhís na bPasanna.
"Anuas air sin, mar gheall ar an toradh a bhí ar reifreann na Ríochta Aontaithe ar bhallraíocht san AE, tháinig méadú mór ar líon na n-iarratas ar phas a tháinig ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain Mhór. Méadú foriomlán 25% a tháinig ar an éileamh ó Thuaisceart Éireann sa chéad naoi mí den bhliain seo i gcomparáid leis an mbliain anuraidh, agus bhí an méadú le sonrú go háirithe ó mhí Iúil ar aghaidh – mar shampla, tá an t-éileamh ar phasanna ó Thuaisceart Éireann i mí Lúnasa 2016 beagnach 80% níos airde ná mar a bhí sa mhí chéanna anuraidh.
Tá méadú 40% tagtha ar líon na n-iarratas ar phas ón mBreatain Mhór don tréimhse idir Eanáir agus Meán Fómhair na bliana seo i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus é ag méadú go mór ó mhí Iúil ar aghaidh. Bhí an t-éileamh i Lúnasa 2016 beagnach 120% ní b'airde ná mar a bhí sa mhí chéanna anuraidh. Bunaithe ar na treochtaí reatha, measaimid go dtiocfaidh méadú iomlán idir 12 agus 14% – nó 100,000 iarratas breise – ar an éileamh ar phasanna i mbliana. Measaimid go dtiocfaidh ardú nach beag ar an éileamh sin arís an bhliain seo chugainn. Agus fágfaidh sé sin go mbeidh brú ar Sheirbhísí na bPasanna.
"Idir an dá linn, tá sé de fhreagracht orainn sláine an Phas Éireannaigh a chosaint trína chinntiú nach féidir le coirpigh é a úsáid agus iad ag díriú ar dhoiciméid taistil mar bhealach chun éascú don ghníomhaíocht neamhdhleathach, lena n-áirítear sciúradh airgid. Fágann sé sin nach mór infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa teicneolaíocht, agus an bhliain seo chugainn tabharfaimid isteach córas níos sruthlínithe i dtaobh pasanna a athnuachan, lena n-áirítear teicneolaíocht níos fearr maidir le haghaidh-aithint.
"Táimid tar éis leas a bhaint as an teicneolaíocht chun feabhas a chur ar an méid a thairgimid do shaoránaigh Éireannacha. An tráth seo anuraidh, sheol mé an Cárta Pas, doiciméad taistil ar mhéid cárta creidmheasa ar féidir é a úsáid chun dul go dtí 31 tír san Eoraip. Tugadh aitheantas don teicneolaíocht cheannródaíoch a úsáideadh sa Chárta Pas nuair a bhuaigh sé gradam an Doiciméid Aitheantais Réigiúnaigh is Fearr ag Comhdháil na hEorpa um Chlóbhuaileadh Ard-Slándála i mí an Mhárta. Ó seoladh é, tá beagnach 34,000 Cárta Pas eisithe agus ba mhaith liom tuilleadh saoránach a spreagadh chun triail a bhaint as an rogha áisiúil sin.
"Tá áthas orm go bhfuil suim bhreise €4 mhilliún leithdháilte sa Bhuiséad seo don Tionscadal um Athchóiriú Pasanna. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na foirne in oifigí na bpasanna i Sráid an Mhóta, i mBaile Brigín agus i gCorcaigh as an obair chrua a dhéanann siad, as a dtiomantas don nuachóiriú, agus as an gcur chuige atá acu atá dírithe ar an saoránach. Go deimhin, ainmníodh Oifig na bPasanna le déanaí mar an áit ina mbíonn an t-eispéireas custaiméara is fearr ag muintir na hÉireann agus seirbhísí na hearnála poiblí á n-úsáid acu. Beimid ag treabhadh linn ar an gcosán sin."
Ag tagairt dó don Bhreatimeacht, dúirt an tAire Flanagan:
"Is i gcomhthéacs na Breatimeachta a ullmhaíodh an Buiséad seo. Le míonna beaga anuas rinneadh an-chuid plé sa Rialtas faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an mBreatimeacht agus conas is fearr a d'fhéadfaimis an Buiséad a dhéanamh 'seasmhach i gcoinne na Breatimeachta' i gcomhthéacs ina bhfuil an oiread gnéithe fós le soiléiriú – go háirithe ag an Ríocht Aontaithe – agus i gcás ina bhfuil caibidlíocht chasta ilsraitheach romhainn.
"Is iad na spriocanna atá ag an Rialtas sa chaibidlíocht sin – agus mo chuid spriocanna féin go háirithe i mo cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála – ná an dul chun cinn ollmhór atá déanta trínár bPróiseas Síochána féin a chosaint agus a chur chun cinn; a chinntiú nach mbeidh teorainn chrua i bhfeidhm arís ar an oileán seo agus a áirithiú go mbeidh na cúinsí is gá ann chun go mbeidh borradh faoi gheilleagar an oileáin; toradh a spreagadh lena gcoinneofar an dlúthnasc idir Éire agus an Bhreatain ar lámh amháin agus idir an Ríocht Aontaithe agus an AE ar an lámh eile; agus a chinntiú go mbeidh rath ar an AE agus go mbeidh sé ag feidhmiú go cuí agus Éire láidir, rathúil ina chroílár.
"Maidir le Tuaisceart Éireann, mar a luaigh mé go soiléir: beidh an rialtas ag díriú ar chosaint an Phróisis Síochána le linn na caibidlíochta atá romhainn. Labhair mé arís agus arís eile faoin tiomantas atá agam don teorainn dhofheicthe ar ár n-oileán a chosaint.
"Táimid tar éis dul i mbun oibre le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann. Ag an gcruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a tionóladh i ndiaidh an reifrinn, chomhaontaigh airí ón tuaisceart agus ón deisceart clár oibre a bhaineann go sonrach leis an mBreatimeacht idir Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus Rialtas na hÉireann, lena n-áirítear iniúchadh iomlán ar na príomhchláir oibre Thuaidh-Theas. Beidh an chéad chruinniú iomlánach eile ar siúl ar an 18 Samhain in Ard Mhacha.
"An tseachtain seo caite, cheadaigh an Rialtas moladh go dtionólfadh an Taoiseach agus mé féin Idirphlé Saoránach uile-oileáin ar an mBreatimeacht ionas go mbeidh an deis acu siúd a ndeachaigh an vóta i bhfeidhm orthu labhairt amach, ar a son féin agus trína gcuid grúpaí ionadaíocha. Beidh sé ina dheis freisin chun féachaint go grinn ar na dúshláin a chruthóidh an Bhreatimeacht agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar ghnéithe éagsúla den tsochaí agus ar an ngeilleagar ar bhonn uile-oileáin. Is é an príomhthoradh a bheidh ar an idirphlé ná tuarascáil agus moltaí a mbainfear leas astu chun cuidiú le bonn eolais a chur faoi sheasamh an Rialtais maidir le saincheisteanna a bhaineann le caibidlíocht scoir na Ríochta Aontaithe."
Rinne an tAire Flanagan tagairt don athstruchtúrú atá ar bun ina Roinn:
"Mar ullmhúchán don chaibidlíocht chasta atá romhainn, tá Rannóg AE nua bunaithe sa Roinn a bhfuil Dara hArd-Rúnaí ina bhun agus ina bhfuil foireann oifigeach a athshannadh ó Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is dream iad go léir a bhfuil an-taithí acu ar a gcuid oibre. Mar gheall ar chastacht na caibidlíochta, glactar bearta freisin chun neartú a dhéanamh ar Rannóga na Roinne a bhíonn ag plé leis an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, Cúrsaí Dlí agus Cúrsaí Trádála. Thairis sin, cuirfear acmhainní breise ar fáil inár gcuid misean tábhachtach san Eoraip, sa Bhruiséil, i mBeirlín, i bPáras agus i Londain."
CRÍOCH
An Phreasoifig
13 Deireadh Fómhair, 2016