Cistiú €2 mhilliún á fhógairt ag an Aire do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge
09 December 2016Ag Preasagallamh a bhí ar siúl inniu i dTeach Uíbh Eachach, tar éis a chruinnithe le Peter Maurer, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (CICD), d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, cistiú lárnach €2 mhilliún don Choiste sin chun cuidiú leis leanúint leis an obair ríthábhachtach a dhéanann sé ar fud an domhain.
Ag labhairt dó ag an bPreasagallamh, dúirt an tAire Flanagan:
"Is cúis áthais dom fáilte a chur roimh Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, Peter Maurer, go Baile Átha Cliath.
"Tá CICD ina chomhpháirtí daonchairdiúil thar a bheith tábhachtach d'Éirinn, agus é ag feidhmiú i gcuid de na timpeallachtaí géarchéime is dúshlánaí ar domhan. Le linn mo chruinniú leis an Uachtarán Maurer tráthnóna, phléamar réimse leathan ceisteanna lena n-áirítear cúrsaí ar an láthair sa tSiria agus géarchéimeanna daonnúla eile, chomh maith leis an obair a dhéanann CICD ar dhí-armáil agus ar chomhlíonadh an Dlí Dhaonnúil Idirnáisiúnta.
"Tacaíonn mo Roinn le CICD i ngach ceann de na réimsí oibre sin agus tá áthas orm cistiú lárnach breise €2 mhilliún do CICD a fhógairt chun cuidiú leis leanúint leis an obair ríthábhachtach a dhéanann sé ar fud an domhain. Fágann sé sin go mbeidh cistiú €14m tugtha ag Éirinn do CICD in 2016.
"Is mór mar a théann sé i bhfeidhm orm go fóill go n-éiríonn le CICD cabhair a thabhairt chomh fada leo siúd atá i ngátar ar fud an domhain. Mar gheall ar an gcineál eagraíocht é CICD, bíonn rochtain aige ar áiteanna nach féidir le gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta eile dul chucu, lena n-áirítear chuig pobail faoi léigear i ndálaí uafásacha i dtíortha ar nós na Siria.
"Is measa ná riamh anois é scála na n-éigeandálaí daonnúla ar fud an domhain.
"Tá an ghéarchéim sa tSiria ar an ngéarchéim dhaonnúil is mó riamh agus tá líon mór de shaoránaigh na Siria curtha as a n-áiteanna cónaithe mar gheall uirthi, agus daoine eile fágtha gan teacht ar bith acu ar bhia ná uisce. Tá cúnamh daonnúil ar fiú breis is €62 milliún é tugtha ag Éirinn i leith na géarchéime sa tSiria ó 2012 i leith, agus tá €20 milliún tugtha againn in 2016 go dtí seo.
"Tá sé cloiste againn ó Oirthear Aleppo le cúpla lá anuas go bhfuil an t-ospidéal deiridh a bhí ag freastal ar mhuintir na háite dúnta mar gheall ar thuargaint throm, agus is olc an scéal é sin. Fágann scrios na n-ospidéal agus na scoileanna, agus scrios ionad sibhialta eile, gur measa fós an riocht ina bhfuil na fir, na mná agus na leanaí atá sáinnithe sa chogadh.
"Tá cúrsaí chomh dona céanna sa Nigéir faoi láthair. Measann Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil cúnamh daonnúil de dhíth ar 14 mhilliún duine. Tá Éire agus ár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach ag soláthar cabhair dhaonnúil nach beag.
"Go dtí seo in 2016, tá €3 mhilliún tugtha ag Éirinn mar fhreagairt dhíreach ar an ngéarchéim sa réigiún trínár gcomhpháirtithe neamhrialtasacha agus ár gcomhpháirtithe sna Náisiúin Aontaithe, chomh maith le soláthairtí faoisimh éigeandála agus Mearfhreagróirí a chur ar fáil faoin Tionscnamh Mearfhreagartha. Le déanaí thug ár nAmbasadóir go dtí an Nigéir cuairt ar Stát Borno áit a bhfaca sé na drochdhálaí i roinnt campaí do dhaoine easáitithe.
"Tugtar cosaint do shaoránaigh faoi Choinbhinsiún na Ginéive ach is minice agus is minice anois nach dtugtar aird ar bith air i gcoinbhleachtaí. Ábhar mór cúraim ag Éirinn is ea cosaint sibhialtach tríd an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta agus is réimse tábhachtach é i dtaobh comhar le CICD.
"Faoi dheireadh na bliana, beidh luach beagnach €14 mhilliún de chistiú daonnúil tugtha ag Éirinn do CICD in 2016, lena n-áirítear €9.5m de chistiú lárnach agus cistiú €3.5m atá leagtha amach don tSiria, don tSúdáin Theas agus don Nigéir. Fágann sé sin go mbeidh cistiú beagnach €100 milliún tugtha ag Éirinn do CICD ó 2006. Tríd an obair le comhpháirtithe ar nós CICD, cuirtear ar ár gcumas an cistiú a thabhairt chomh fada leo siúd is mó atá i ngátar, ar shlí chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir.
"Le cuairt an Uachtaráin Maurer, cuirfear feabhas ar an gcaidreamh láidir, táirgiúil idir Éire agus CICD sna blianta atá romhainn ar fud gach ceann dár gcuspóirí beartais, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus dí-armáil.
"Táim ag tnúth le Léacht Mhic Easmainn ón Uachtarán Maurer tráthnóna, mar chuid de shraith léachtaí cuimhneacháin Theach Uíbh Eachach, tráth a labhróidh sé faoin obair dheacair a dhéanann CICD agus faoina bhfuil siad a dhéanamh chun cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar sna géarchéimeanna daonnúla atá ag dul in olcas ar fud an domhain."
CRÍOCH
An Phreasoifig
21 Samhain 2016