Chinneadh na Stát Aontaithe faoina gceadófar eitiltí idir Corcaígh agus Bostún
25 January 2017- Spreagadh nach beag d'aerfort Chorcaí agus réigiún an deiscirt
- Tacóidh sé leis an gceangal idir Éire agus Bostún agus New England
Tá fáilte curtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Charlie Flanagan, TD, roimh fhógra an lae inniu ó Roinn Iompair na Stát Aontaithe go n-eiseofar cead nó ceadúnas Aeriompróra Coigríche do Norwegian Air International (NAI). Fágfaidh sé sin go mbeidh cead ag NAI – cuideachta atá cláraithe in Éirinn, faoi lánúinéireacht ag an nGrúpa Norwegian Air – tosú ag cur eitiltí ar bun idir Corcaigh agus Bostún.
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra, dúirt an tAire Flanagan:
"Tacaíonn an Rialtas go mór leis an mbeartas um Aerspás Oscailte agus leis an rogha taistil nua seo do thaistealaithe. Luaigh mé an t-iarratas seo le húdaráis na Stát Aontaithe arís agus arís eile, lena n-áirítear leis an Státrúnaí, an tUasal John Kerry, i dTiobraid Árann ar an 30 Deireadh Fómhair anuraidh.
"Neartóidh an bealach nua seo na naisc idir Éire agus Bostún agus New England, agus is spreagadh eile nach beag é d'Aerfort Chorcaí agus réigiún an deiscirt. Táim ag tnúth le heitiltí de chuid NAI a bheith ag tosú idir Corcaigh agus Bostún go luath.
"Molaim freisin tiomantas Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe – Anne Anderson – agus a comhghleacaithe san Ambasáid, a bhí ag obair go dúthrachtach ar mhaithe le deonú an cheadúnais seo. Táim thar a bheith sásta a fheiceáil gur éirigh lenár gcuid iarrachtaí."
CRÍOCH
An Phreasoifig
2 Nollaig 2016
Nóta don Eagarthóir
Ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, is iad na Stáit Aontaithe a spreag cuid mhór den fhorbairt ar an eitlíocht shibhialta idirnáisiúnta. Spreag beartas um Aerspás Oscailte na Stát Aontaithe sna 1970í agus na 1980í an tAontas Eorpach chun beartais dá shamhail a ghlacadh, as ar eascair sa deireadh an Comhaontú um Aerspás Oscailte idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe in 2007.
Is é an Grúpa Norwegian Air an tríú haerlíne ísealchostais is mó san Eoraip, taobh thiar de Ryanair agus Easyjet, agus an naoú haerlíne Eorpach is mó tríd is tríd. In 2013 chuir an Grúpa isteach ar cheadúnas aerlíne Éireannach agus ar dheimhniú d'fho-aerlíne Éireannach darb ainm Norwegian Air International (“NAI”). Tá an Iorua lán-chomhtháite i Margadh Aonair Eitlíochta na hEorpa agus faoi rialacha an mhargaidh aonair is féidir le cuideachta faoi úinéireacht Ioruach iarratas a dhéanamh ar aerlíne a bhunú in aon Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. I mí Feabhra 2014 dheonaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann Deimhniú Aeroibreora Éireannaigh do NAI agus dheonaigh an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta Ceadúnas Oibríochta Aeroibreora Éireannaigh dó.
Chun eitiltí chuig na Stáit Aontaithe a chur ar bun, ní mór d'aerlínte nach cinn de chuid na Stát Aontaithe iad Cead Aeriompróra Coigríche a bheith faighte acu ó Roinn Iompair na Stát Aontaithe. Rinne NAI iarratas chun na Roinne Iompair sin ar cheadúnas i mí na Nollag 2013.
Ar an 15 Aibreán 2016, d'fhoilsigh an Roinn Iompair cinneadh trialach cead aeriompróra coigríche a dheonú do NAI. Chuir Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach araon an-fháilte roimh an gcinneadh sin.
Thacaigh an Coimisiún Eorpach le NAI ón tús. Ina thuairim siúd, tá an cineál iomaíochta nuálaí a chothaíonn NAI sa mhargadh trasatlantach ina shampla breá den ghníomhaíocht ar ceapadh Comhaontú um Aerspás Oscailte AE-SAM na bliana 2007 lena spreagadh, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí.