Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cistiú €1.2 milliún fógartha ag an Aire Flanagan i dtaca i dTuaisceart Éireann

D'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, inniu (Dé hAoine, an 5 Lúnasa) go dtabharfar deontais ar fiú breis is €1.2 milliún iad do 57 eagraíocht a bhíonn i mbun oibre chun borradh a chur faoin tsíocháin agus an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na teorann.

Agus an cistiú á fhógairt aige, dúirt an tAire Flanagan:

"Léiríonn an cistiú seo tiomantas seasmhach Rialtas na hÉireann do thacú le síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann.

Is ann do Chiste Athmhuintearais mo Roinne ó 1982 agus ó shin i leith deonaíodh níos mó ná €46 milliún do bhreis is 1,900 tionscadal, ag tacú le heagraíochtaí ar fud na hearnála pobail agus deonaí. Tá na grúpaí sin ag obair chun ceangal fónta a chothú idir gach pobal agus gach traidisiún ar an oileán agus chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí, lena n-áirítear an seicteachas, a théann i bhfeidhm go fóill ar shaol an oiread daoine."

Dúirt an tAire freisin, "Tá ról ríthábhachtach fós ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtaobh chothú agus neartú na gcéimeanna fónta chun tosaigh atá glactha ar an oileán ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den dul chun cinn sin, agus ní dhéanaimid amhlaidh. Mar aitheantas air sin, chuir an Rialtas san áireamh i gComhaontú Theach Stormont na bliana 2014 gealltanas i dtaobh buiséad bliantúil €2.7 milliún don Chiste Athmhuintearais."

I measc na n-eagraíochtaí a gheobhaidh cistiú sa bhabhta reatha tá Co-Operation Ireland; Ionad Pat Finucane; Iontaobhas 174 agus ceithre Chomhpháirtí Straitéiseacha na Roinne: Healing Through Remembering; Corrymeela; Community Relations in Schools agus Youth Action.

CRÍOCH
An Phreasoifig
An 5 Lúnasa 2016


Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Tá liosta na dtionscadal a bheidh á gcistiú sa bhabhta reatha le feiceáil san Iarscríbhinn anseo thíos.
  • Is ann don Chiste Athmhuintearais ó 1982 agus cuireadh go mór leis tar éis gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Gheall gach páirtí sa Chomhaontú sin iniúchadh dearfach a dhéanamh ar an gcás le haghaidh cúnamh airgid breise d'obair an athmhuintearais.
  • Mar thoradh air sin, tá tacaíocht mhéadaithe tugtha ag Rialtas na hÉireann tríd an gCiste Athmhuintearais ó 1998 ar aghaidh. Faoi Chomhaontú Theach Stormont na bliana 2014, gheall an Rialtas go gcuirfí i bhfeidhm bearta tacaíochta chun an t-athmhuintearas a chothú, lena n-áirítear trí leanúint de shuim bhliantúil €2.7m a sholáthar sa Chiste Athmhuintearais.
  • Ní mór iarratais ar an gcéad bhabhta cistithe eile a bheith faighte faoin Aoine an 16 Meán Fómhair 2016; tá eolas agus foirmeacha iarratais ag www.dfa.ie/ie/maidir-linne/maoiniu/cisti-athmhuintearais-agus-frithsheicteachais