Cistiú €1.2 milliún fógartha ag an Aire Flanagan i dtaca i dTuaisceart Éireann
26/8/16D'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, inniu (Dé hAoine, an 5 Lúnasa) go dtabharfar deontais ar fiú breis is €1.2 milliún iad do 57 eagraíocht a bhíonn i mbun oibre chun borradh a chur faoin tsíocháin agus an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i réigiún na teorann.
Agus an cistiú á fhógairt aige, dúirt an tAire Flanagan:
"Léiríonn an cistiú seo tiomantas seasmhach Rialtas na hÉireann do thacú le síocháin agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann.
Is ann do Chiste Athmhuintearais mo Roinne ó 1982 agus ó shin i leith deonaíodh níos mó ná €46 milliún do bhreis is 1,900 tionscadal, ag tacú le heagraíochtaí ar fud na hearnála pobail agus deonaí. Tá na grúpaí sin ag obair chun ceangal fónta a chothú idir gach pobal agus gach traidisiún ar an oileán agus chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí, lena n-áirítear an seicteachas, a théann i bhfeidhm go fóill ar shaol an oiread daoine."
Dúirt an tAire freisin, "Tá ról ríthábhachtach fós ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtaobh chothú agus neartú na gcéimeanna fónta chun tosaigh atá glactha ar an oileán ó rinneadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den dul chun cinn sin, agus ní dhéanaimid amhlaidh. Mar aitheantas air sin, chuir an Rialtas san áireamh i gComhaontú Theach Stormont na bliana 2014 gealltanas i dtaobh buiséad bliantúil €2.7 milliún don Chiste Athmhuintearais."
I measc na n-eagraíochtaí a gheobhaidh cistiú sa bhabhta reatha tá Co-Operation Ireland; Ionad Pat Finucane; Iontaobhas 174 agus ceithre Chomhpháirtí Straitéiseacha na Roinne: Healing Through Remembering; Corrymeela; Community Relations in Schools agus Youth Action.
CRÍOCH
An Phreasoifig
An 5 Lúnasa 2016
Nótaí d'Eagarthóirí:
- Tá liosta na dtionscadal a bheidh á gcistiú sa bhabhta reatha le feiceáil san Iarscríbhinn anseo thíos.
- Is ann don Chiste Athmhuintearais ó 1982 agus cuireadh go mór leis tar éis gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Gheall gach páirtí sa Chomhaontú sin iniúchadh dearfach a dhéanamh ar an gcás le haghaidh cúnamh airgid breise d'obair an athmhuintearais.
- Mar thoradh air sin, tá tacaíocht mhéadaithe tugtha ag Rialtas na hÉireann tríd an gCiste Athmhuintearais ó 1998 ar aghaidh. Faoi Chomhaontú Theach Stormont na bliana 2014, gheall an Rialtas go gcuirfí i bhfeidhm bearta tacaíochta chun an t-athmhuintearas a chothú, lena n-áirítear trí leanúint de shuim bhliantúil €2.7m a sholáthar sa Chiste Athmhuintearais.
- Ní mór iarratais ar an gcéad bhabhta cistithe eile a bheith faighte faoin Aoine an 16 Meán Fómhair 2016; tá eolas agus foirmeacha iarratais ag www.dfa.ie/ie/maidir-linne/maoiniu/cisti-athmhuintearais-agus-frithsheicteachais