Fógraíonn an Aire gur toghadh Éire ina comhalta de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan
11 April 2016Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan TD, go bhfuil Éire tofa ina comhalta de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan den chéad uair.
Dúirt sé:
"Tá Éire tofa chun fónamh mar chomhalta de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan den chéad uair, agus cuirfear tús lenár dtéarma oifige an bhliain seo chugainn.
"Tosaíocht thábhachtach de chuid bheartas eachtrach na hÉireann is ea é mná agus cailíní a chumasú agus is iontach an deis atá againn anois ár spriocanna a chur chun cinn, toisc gurb é Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan an príomhchomhlacht idir-rialtasach domhanda chun an comhionannas inscne agus cumasú na mban a chur chun cinn. Tapóimid an deis seo chun ról an Choimisiúin a neartú agus cur lenár rannpháirtíocht idirnáisiúnta maidir le cearta iomlána a bhaint amach do mhná agus do chailíní. Tá sé geallta ag Éirinn a bheith i mbun oibre chun neartú a dhéanamh ar ghuth agus feidhmiú an Choimisiúin agus chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ina chuid oibre a chur chun cinn.
"Tá Éire aitheanta go hidirnáisiúnta ar son an róil atá aici maidir le cláir oibre a leagan síos ag na Náisiúin Aontaithe, rud a bhí le sonrú le déanaí i ndáil leis an gcion a rinneamar i dtaobh na caibidlíochta faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ag fónamh di mar chomhalta den Chomhairle um Chearta an Duine (2012-2105) agus de Bhord Feidhmiúcháin Mhná na Náisiún Aontaithe (2013-2015), bhí Éire ag obair chun aird a dhíriú ar shaincheisteanna éagsúla a théann i bhfeidhm ar mhná agus ar chailíní. Táimid ag tacú le fada le Clár Oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála ag na Náisiúin Aontaithe agus, ina theannta sin, tá cur chun cinn an chomhionannais inscne agus chumasú na mBan ina chuid dhílis dár clár forbartha thar lear."
CRÍOCH
AN PHREASOIFIG
AN 7 AIBREÁN, 2016
Nótaí d'eagarthóirí:
• Toghadh Éire ina comhalta de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan ar an 5 Aibreán 2016 i gCeanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac.
• Is é Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan an príomhchomhlacht idir-rialtasach domhanda a shaincheapann beartas chun an comhionannas inscne agus cumasú na mban a chur chun cinn.
• Bunaíodh an Coimisiún in 1946. Rinneadh athrú ar shainordú bunaidh an Choimisiúin nuair a chuireadh de chúram air breithmheas a dhéanamh maidir leis an dul chun cinn i leith chur chun feidhme Ardán Bhéising le haghaidh Gníomhaíochta, a glacadh ag an gCeathrú Comhdháil Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe ar Mhná in 1995, d'fhonn tacaíocht a chinntiú do phríomhshruthú a dhéanamh ar chomhthéacs inscne ar fud na Náisiún Aontaithe agus moltaí a dhéanamh maidir le saincheisteanna agus treochtaí atá ag teacht chun cinn agus a mbíonn tionchar acu ar mhná.
• Tagann an Coimisiún le chéile gach bliain i mí an Mhárta. Le linn an tseisiúin sin, déanann na ballstáit, le hionchur nach beag ó lucht na sochaí sibhialta, measúnú ar an dul chun cinn i leith an chomhionannais inscne, aithníonn siad na dúshláin atá le sárú, leagann siad síos caighdeáin dhomhanda agus ceapann siad beartais nithiúla chun an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn ar fud an domhain.
• Tá an Coimisiún um Stádas na mBan ina choimisiún feidhmeach de chuid Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe (ECOSOC). Tá an Coimisiún comhdhéanta de 45 mballstát agus toghann ECOSOC iadsan ar feadh téarma ceithre bliana. Tar éis thoghchán ECOSOC ar an Máirt, an 5 Aibreán, beidh Éire ina comhalta den Choimisiún um Stádas na mBan den chéad uair idir 2017 agus 2021.