Ráiteas ón Aire Deenihan faoi Brian Friel, "drámadóir den scoth," a bheith imithe ar shlí na fírinne
09 October 2015Ráiteas ón Aire Deenihan faoi Brian Friel, "drámadóir den scoth," a bheith imithe ar shlí na fírinne
Chuir an tAire Gnóthaí Diaspóra, an tUasal Jimmy Deenihan TD, a chomhbhrón in iúl inniu ar bhás an drámadóra Éireannaigh Brian Friel.
"Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil inniu go bhfuil an drámadóir tréitheach Éireannach, Brian Friel, scríbhneoir den scoth, imithe ar shlí na fírinne.
"Déanaim mo chomhbhrón ó chroí lena theaghlach agus lena chairde tráth seo an mhéala.
"Rachaidh bás Brian Friel i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hÉireann ar fud an domhain, a ndeachaigh a chuid saothar i gcion go smior ar a lán acu.
"Bhí cumas ar leith ag Brian Friel i dtaobh mheon na hÉireann agus an Éireannachais a chur i láthair ina chuid saothar, ina bhfuil réalachas nár chlis riamh air.
"Bhí an réalachas sin le feiceáil go soiléir i ndrámaí ar nós 'Philadelphia, Here I Come!', a bhfuil an eisimirce ar cheann dá théamaí lárnacha agus a cuireadh ar an stáitse ar fud an domhain, dráma a chuaigh go mór i gcion ar ghlúine de mhuintir na hÉireann a bhí ina gcónaí thar lear, agus a bhí ina cheangal luachmhar idir Éire agus teaghlach domhanda na hÉireann.
"Is mór a mhothóimid uainn é, sinne a bhfuil grá agus meas againn ar an doimhne iontach a bhaineann le hamharclannaíocht agus cultúr na hÉireann."
CRÍOCH