Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Flanagan chun Lárionad Léann na hÁise i gColáiste na Tríonóide a sheoladh

An tAire Flanagan chun Lárionad Léann na hÁise i gColáiste na Tríonóide a sheoladh

- Máistreacht Fealsúnachta nua sa Léann Síneach á seoladh aige chomh maith

- An Chóiréis, an Mhandairínis agus an tSeapáinis ar an gcuraclam

- Propast TCD agus Ambasadóirí na Síne agus na Cóiré le bheith i láthair chomh maith le roinnt mac léinn ón Áise

Seolfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, Lárionad Léann na hÁise nua i gColáiste na Tríonóide agus Máistreacht Fealsúnachta nua sa Léann Síneach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath inniu (Dé Céadaoin).

I dteannta an Aire beidh, i measc daoine eile, Ambasadóir Dhaon-Phoblacht na Síne, Ambasadóir Phoblacht na Cóiré agus roinnt mac léinn ón Áise atá ag freastal ar TCD i láthair na huaire.

Ag labhairt dó roimh an tseolta, dúirt an tAire:

“Tá an-áthas orm Lárionad Léann na hÁise nua tábhachtach seo i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a sheoladh. Tá an ócáid seo ag tarlú coicís go díreach i ndiaidh chuairt an Phríomh-Aire Modi ón India agus cúig mhí i ndiaidh chuairt an Phríomh-Aire Li Keqiang ón tSín agus neartaíonn sé na naisc atá againn le tíortha na hÁise, naisc atá ag fás.

"B'fhiú €14 bhilliún an trádáil earraí leis an Áise in 2014, suas ó €13.2 billiún sa bhliain roimhe sin. Is iomaí deis nua agus spreagúil atá ag teacht chun cinn san Áise do chuideachtaí Éireannacha agus tá líonra ambasáidí mo Roinnse gníomhach ag cabhrú le gnóthaí Éireannacha sna margaí luachmhara seo.

"Tá an tSín, an India agus an Indinéis ar thrí cinn de na ceithre thír is mó daonra ar domhan agus le roinnt míonna, tá ambasáid nua oscailte ag Rialtas na hÉireann in Iacárta san Indinéis agus consalacht nua i Hong Cong. Tógfaidh ár gConsalacht ar an obair atá déanta ag ár nAmbasáid ghnóthach i mBéising agus ár gConsalacht i Shang-hai. D'osclaíomar ambasáid i mBangkok, sa Téalainn, chomh maith, áit atá aitheanta mar mhargadh tosaíochta d'Éirinn.

"Le dhá bhliain anuas go háirithe tá rochtain thábhachtach ar an margadh faighte do tháirgí na hÉireann lena n-áirítear rochtain ag mairteoil na hÉireann ar an margadh sa tSín agus sa tSeapáin, rochtain ag bradán na hÉireann ar an margadh sa tSín agus rochtain ag muiceoil ar an margadh i Vítneam. Tá deiseanna iontacha ann thar réimse earnálacha do chuideachtaí Éireannacha. Tá caidrimh duine ar dhuine i gcroílár an chaidrimh rathúil ghnó agus sin é an fáth go bhfuil an Lárionad Léann na hÁise nua chomh luachmhar agus atá. Táim sásta go háirithe go mbeidh deis ag mic léinn an Chóiréis, an Mhandairínis agus an tSeapáinis a fhoghlaim."

Agus é ag leagan béime ar an luach a bhaineann le naisc oideachais idir Éire agus tíortha na hÁise agus ar an bhfócas láidir ar idirnáisiúnachas i straitéis oideachais an Rialtais, rinne an tAire Flanagan tagairt don 2,000 mac léinn ón gCóiré a thagann go hÉirinn gach bliain chun Béarla a fhoghlaim agus an 600 duine as Éirinn atá ag múineadh Béarla sa Chóiré; chomh maith leis an 2,700 mac léinn ón tSín in ollscoileanna na hÉireann; agus na hÉireannaigh a théann go dtí an tSeapáin gach bliain le bheith páirteach i gclár Malairte agus Teagaisc na Seapáine (JET) - ghlac os cionn 1,000 Éireannach páirt sa chlár seo ó bunaíodh é. Cuireann Ambasáid na hÉireann i Hanáí 40 scoláireacht ar fáil gach bliain do mhic léinn ó Vítneam chun staidéar a dhéanamh in Éirinn.

CRÍOCH