Ráiteas ón Aire faoin gcruinniú athbhreithnithe faoi Chomhaontú Theach Stormont
08 June 2015I ndiaidh cruinniú athbhreithnithe faoi Chomhaontú Theach Stormont i mBéal Feirste tráthnóna, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, TD:
"Leag mé béim ar thiomantas Rialtas na hÉireann Comhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm. Mar is eol do na Páirtithe go léir sa Chomhaontú, bhí sé deacair an Comhaontú seo a bhaint amach, díreach mar a bhí sé na hinstitiúidí, ar a bhfuil freagracht an Comhaontú a threorú, a bhaint amach.
"Tuigeann na rannpháirtithe go léir chomh tromchúiseach is a bhí an méid a thit amach le déanaí mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag cinntí sa tréimhse amach romhainn.
"Is mian leis an Rialtas réiteach a fháil ar an ndúsháinn pholaitiúil reatha mar go bhfuil leas againn i sláine an Chomhaontaithe ina iomláine agus i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ina iomláine, go háirithe forálacha an Chomhaontaithe le dul i ngleic le hoidhreacht an ama atá caite.
"Creidim gur féidir na dúshláin atá ann faoi láthair a shárú ach an toil pholaitiúil a bheith ann. Ní mór do gach rannpháirtí a bheith diongbháilte agus ceannaireacht eisceachtúil a léiriú má táthar chun réiteach a fháil."
Dúirt an tAire do chomhoibriú Thuaidh/Theas, an tUasal Seán Sherlock, TD:
"Thug an cruinniú comhchéime inniu a raibh na páirtithe go léir páirteach ann deis dúinn na saincheisteanna atá os ár gcomhair faoi láthair a shoiléiriú. Bhí cruinnithe déthaobhacha maithe agam féin agus ag an Aire Flanagan leis na páirtithe go léir.
"Tabharfaidh Cruinniú Iomlánach na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath níos déanaí an tseachtain seo deis eile dul i mbun idirphlé chomh maith lenár gcuid oibre maidir le tosaíochtaí Thuaidh-Theas mar a shamhlaítear faoi Chomhaontú Teach Stormont a thabhairt ar aghaidh."
CRÍOCH
Preasoifig
2 Meitheamh 2015