Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Murphy - "Beidh an AE agus CELAC ag obair as lámha a chéile ar shaincheisteanna idirnáisiún

Inniu bhuail an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, an tUasal Dara Murphy, TD, le ceannairí ón Aontas Eorpach agus ó Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) sa Bhruiséil, i gcomhair díospóireachtaí ar conas dul i ngleic le saincheisteanna idirnáisiúnta amhail an tsíochánaíocht, an fhorbairt, cearta an duine, agus gáinneáil mhídhleathach ar dhrugaí.

Bhí an cruinniú ar siúl ar an dara lá de Chruinniú Mullaigh na gCeannairí Stáit agus Rialtais ó 28 dtír an AE agus 33 thír CELAC. D'fhreastail an Taoiseach, Enda Kenny, TD, ar an gcéad lá den Chruinniú Mullaigh inné, tráth a bhí an díospóireacht dírithe ar thógáil na comhpháirtíochta idir an dá réigiún agus ar a bheith ag obair as lámha a chéile sna Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile. Is é an cuspóir foriomlán atá ag an gCruinniú Mullaigh an caidreamh idir an AE agus CELAC a neartú faoin téama "An Todhchaí atá Romhainn araon a Mhúnlú: ag obair ar mhaith le sochaithe rathúla, comhtháite, inbhuanaithe dár saoránaigh".

Ag labhairt dó tar éis chruinniú an lae inniu, dúirt an tAire Ó Murchú:

"Tháinig Ceannairí Stáit agus Ceannairí Rialtais ó 28 dtír an AE agus 33 thír CELAC le chéile an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar conas is féidir lenár ndá réigiún, ina bhfuil daonra iomlán breis is billiún duine, a bheith ag obair le chéile chun dul i ngleic leis na saincheisteanna tromchúiseacha atá le sárú ag an domhan, go háirithe i dtaobh dul i ngleic leis an mbochtaineacht dhomhanda agus leis an athrú aeráide, agus forbairt inbhuanaithe agus cearta an duine a chur chun cinn.

"Tá an caidreamh idir an Eoraip agus réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib bunaithe ar cheangal stairiúil agus ar chóimheon maidir le dul i ngleic le saincheisteanna domhanda, agus tá an deis againn ag an gCruinniú Mullaigh seo chun tógáil ar an gcomhpháirtíocht sin.

"Is mór ag Éirinn caidreamh a fhorbairt leis an réigiún CELAC, trí bhíthin an AE agus ar bhonn déthaobhach chomh maith, agus tá méadú ag teacht ar an gceangal atá againn leis an réigiún i dtaobh cultúir agus geilleagair. Is i Meiriceá Laidineach atá cuid nach beag de dhiaspóra na hÉireann, mar gheall ar cheangal stairiúil a théann siar roinnt céadta bliain. Is fiú níos mó ná €3bn an trádáil a dhéanaimid leis an réigiún, agus táimid ag obair chun cur léi a thuilleadh fós."

An Phreasoifig

11 Meitheamh, 2015