Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an tAire Deenihan cuairt ar Dhiaspóra na hÉireann in Albain

Tabharfaidh Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, TD, cuairt ar Albain inniu (Dé Céadaoin) le haghaidh sraith cruinnithe leis an bPobal Éireannach i nGlaschú agus i nDún Éideann.

Beidh cruinniú ag an Aire Deenihan le Fiona Hyslop freisin, Rúnaí Comh-aireachta don Chultúr, don Eoraip agus do Ghnóthaí Seachtracha le linn dó a bheith i nDún Éideann. Tabharfaidh sin deis don Aire Deenihan le buíochas a ghlacadh le húdaráis na hAlban as an gcúnamh a chuir siad ar fáil do theaghlach Karen Buckley.

Ag labhairt dó roimh a chuairte dúirt an tAire Deenihan:

Tuigim go rímhaith go dtagann mo chuairt le linn tréimhse fíor-dheacair don phobal Éireannach i nGlaschú, agus go deimhin do phobal na hAlban ina iomláine, tar éis bhás tragóideach Karen Buckley. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le moladh a thabhairt d’Údaráis na hAlban as an gcúnamh ar fad a chuireadh ar fáil do theaghlach Buckley le linn tréimhse lenar bhain an cineál briseadh croí nach féidir a shamhlú.”

Beidh an tAire Deenihan i nGlaschú Dé Céadaoin agus beidh cruinniú aige leis na heagraíochtaí atá i mbun oibre leis an bpobal Éireannach, lena n-airítear Conradh na Gaeilge, an CLG, Fondúireacht Oidhreachta na hÉireann agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Faigheann na heagraíochtaí seo go léir maoiniú faoi Chlár Tacaíochta Eisimirceach an Rialtais.

Táim ag tnúth go mór leis an deis dul i dteagmháil leis an bPobal Éireannach in Albain. Tá sé ríthábhachtach, mar chéad Aire an Diaspóra go mbíonn teagmháil agam le gach earnáil den phobal Éireannach thar lear.”

Le linn dó a bheith i nDún Éideann amárach, tabharfaidh an tAire Deenihan cuairt ar an Diaspora Studies Centre in Ollscoil Dún Éideann freisin agus tionólfaidh sé cruinniú le linn bricfeasta do príomhtheagmhálacha na ngnólachtaí Éireannacha in Albain. Is í seo an chéad chuairt ag an Aire Deenihan ar Albain ó ceapadh é mar Aire Gnóthaí Diaspóra.

CRÍOCH

An Phreasoifig

22 Aibreán 2015