Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Uachtarán Pahor na Slóivéine ar chuairt ar Éirinn

 

Cuirfidh Uachtarán Phoblacht na Slóivéine , H.E. an tUasal Borut Pahor tús inniu le cuairt dhá lá ar Éirinn. Is deis í an chuairt seo chun an caidreamh iontach idir Éirinn agus an tSlóivéin a threisiú, go déthaobhach agus mar chomhaltaí den AE araon.

Amárach, reáchtálfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins lón oibre in onóir Uachtarán na Slóivéine in Áras an Uachtaráin. Níos déanaí sa lá, casfaidh an tUachtarán Pahor ar an Taoiseach, An tUasal Enda Kenny, TD.

Le linn dó cuairt a thabhairt ar Éirinn, casfaidh an tUachtarán Pahor ar Ghobharnóir an Bhainc Cheannais, an tUasal Patrick Honohan, agus tabharfaidh sé aitheasc ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath maidir le conas aghaidh a thabhairt ar shíocháin idirnáisiúnta agus dúshláin slándála. Tabharfaidh sé faoi chlár cultúir freisin lena n-áirítear cuairt ar Leabhar Cheanannais.

Beidh Ambasadóir ainmnithe na Slóivéine d’Éirinn, an tUasal Tadej Rupel, i gcuideachta an Uachtaráin, agus cuirfidh seisean a chuid dintiúir os comhair an Uachtaráin Higgins an mhí seo. Beidh Ambasadóir nua chun na Slóivéine ag Éirinn go luath, is é sin an tUasal Pat Kelly a thiocfaidh i gcomharbacht ar H.E. An tUasal Kieran Dowling ag Ambasáid Ljubljana i mí na Nollag.
Tagann cuairt an Aire deich mbliana i ndiaidh don tSlóivéin dul isteach san AE i mí na Bealtaine 2004. Thacaigh Éire riamh anall le próiseas an mhéadaithe agus cuirtear síocháin, slándáil, daonlathas, cearta an duine agus saibhreas do mhuintir na hEorpa chun cinn leis sin. Is ionann trádáil déthaobhach leis an tSlóivéin agus thart ar €51m in earraí agus i seirbhísí, agus tá pobal de thart ar sheasca Éireannach sa tSlóivéin anois, líon atá ag dul i méid, go háirithe sa phríomhchathair, Ljubjana, agus cinntíodh go raibh dath 'glas' ar Chaisleán mór le rá na háite sin don chéad uair i mbliana do Lá Fhéile Pádraig.

 

CRÍOCH