Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas ón Aire Flanagan faoi thoradh an reifrinn in Albain

Aire Charles Flanagan, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Caidreamh Idirnáisiúnta, Preas Ráiteas, An Bhreatain Mhór, 2014

 

Tá muintir na hAlban tar éis vóta a chaitheamh chun fanacht mar chuid den Ríocht Aontaithe. Bhí an díospóireacht a tháinig roimh reifreann an lae inné saibhir agus paiseanta, agus ba léir go raibh leas mhuintir na hAlban ag déanamh imní don dá thaobh agus a gcás á chur acu. Tá dóchas agamsa freisin gur féidir le gach cuid de shochaí na hAlban tarraingt le chéile anois ar bhealach cuiditheach agus cuimsitheach agus todhchaí na hAlban laistigh den RA á múnlú acu.

Is eol go maith na ceangail láidre agus na naisc stairiúla atá eadrainn, agus is domhain iad. Tá sár-chaidreamh ag Éirinn leis an mBreatain agus le hAlbain atá ag dul i bhfeabhas i gcónaí, mar chomharsa, mar chara agus mar chomhpháirtí thar réimsí polaitiúla, eacnamaíocha, cultúrtha agus neart réimsí eile.

Beidh teagmháil dhlúth againn le Londain, le Dún Éideann agus le riaracháin eile agus plé ag dul chun cinn ar dhéabhlóid fheabhsaithe d’Albain agus ar na hathruithe polaitiúla ar fud na RA mar a ndearna an Príomh-Aire Cameron cur síos orthu ina ráiteas ar maidin.

Leag Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 amach mar phríomhchuspóir caidrimh chomhchuibhithe, a rachaidh chun leasa gach taobh, a fhorbairt i measc na ndaoine ar na hoileáin seo. Tá an tiomantas sa Chomhaontú sin do chomhpháirtíocht, do chomhionannas agus do chomh-urraim mar bhonn leis an gcaidreamh laistigh de Thuaisceart Éireann, idir Thuaidh agus Theas agus idir na hoileáin seo, chomh tábhachtach inniu agus a bhí sé bliana déag ó shin.

Tá mé ag tnúth le leanúint leis an obair le Londain agus le riaracháin ar fud na n-oileán seo, lena n-áirítear na struchtúir a cruthaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus, ar ndóigh, laistigh den Aontas Eorpach.

 

CRÍOCH

An Phreas-Oifig
19 Meán Fómhair 2014