Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an tAire Flanagan faighteoirí Gradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin do 2014

 

Tá an t-aisteoir Fionnula Flanagan, ard-státseirbhíseach san AE Catherine Day, an t-údar Thomas Kenneally agus an gníomhaí Gael-Mheiriceánach agus an foilsitheoir Niall O’Dowd ina measc sin a mbronnfar Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin orthu do 2014.

D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, T.D., faighteoirí do ghradam na bliana seo i ndiaidh chruinniú Rialtais inniu.

Bhí an tAire Flanagan ag labhairt as Washington DC, áit a gcasfaidh sé ar Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, an Státrúnaí, John Kerry, agus oifigigh sinsearacha sna Stáit Aontaithe inniu chun saincheisteanna a phlé, lena n-áirítear próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann, naisc eacnamaíocha idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus leasú ar inimirce. Níos luaithe an tseachtain seo chas sé ar ghrúpaí pobail Éireannacha i Nua-Eabhrac chun saincheisteanna inimirce agus leasa a phlé.

Bhunaigh an Rialtas Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin i ndiaidh Fhóram Eacnamaíoch Domhanda na hÉireann mar shlí chun aitheantas a thabhairt don méid a dhéanann Éireannaigh Thar Lear d’Éirinn agus do cháil na hÉireann ar fud an domhain.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Flanagan agus é ag fógairt faighteoirí ghradam 2014, gradaim a bhronnfar i mí Dheireadh Fómhair:

“Táimid faoi chomaoin ag na daoine iontacha seo as an méid atá déanta acu ina n-aonar d’Éirinn, do na hÉireannaigh thar lear agus dár gcáil go hidirnáisiúnta.

“Tugann Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin aitheantas do na slite éagsúla a chuidíonn an diaspóra le hÉirinn. Cibé má dhéantar sin trína gcuid oibre carthanaí, an tacaíocht a thugann siad do phobail na hÉireann, nó an méid a dhéanann siad do na healaíona, is sampla den scoth dúinn go léir a gcuid seirbhíse agus a dtiomantas don tír seo agus tá mé an-sásta go bhfuil an tUachtarán chun gradam a bhronnadh orthu mar go bhfuil sé tuillte go maith acu.

“Bhí sé fíor-thábhachtach dom go ndéanfainn teagmháil leis an diaspóra agus mé ar mo chéad thuras oifigiúil ar an mBreatain le déanaí. Bhí cruinnithe an-chuiditheacha agam le pobal na hÉireann sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo agus táim ag tnúth ceangal láidir a choimeád le pobail na hÉireann le linn mo chuid ama mar Aire.”

Deir Jimmy Deenihan T.D., An tAire do Ghnóthaí Diaspóra, freisin:

“Is léiriú iontach iad an deichniúr seo ar an éagsúlacht iontach de thionchar na hÉireann ar an domhan. Ar an gcéad dul síos, bronnfar gradaim ar dhaoine ón UAE, ón Chóiré agus ón Rúis, chomh maith le daoine as na háiteanna a mbeimis ag súil leo mar an Bhreatain, na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil.

“Déantar na hainmniúcháin i gcatagóirí éagsúla, ach bíonn forluí ollmhór i gceist. Mar shampla, ainmníodh Colm McLoughlin, mar gheall ar chomh maith agus atá éirithe leis ó thaobh cúrsaí gnó, agus é ag baint leasa as chomh maith agus a d'éirigh leis chun tacú le cáil na hÉireann; ach tacaíonn sé go leanúnach freisin le pobal na hÉireann in Dubai.

“Níor rugadh in Éirinn iad go léir. Is as an Astráil Thomas Keneally ó dhúchas, scríbhneoir den scoth; ach tá sé fíor-bhródúil as oidhreacht na hÉireann agus scríobh sé agus labhair sé faoi sin chomh maith. Tá Niall O’Dowd ar dhuine de na daoine is mó aithne in Éirinn de chuid an Diaspóra.

Má thógtar le chéile iad, tá buanna thar a bheith éagsúil ag an ngrúpa: feasacht cultúir, géire intinne gnó, daonnacht, fadbhreathnaitheacht agus, ar bhealaí éagsúla, teastaíonn uathu go léir go mbeadh an domhan ina áit níos fearr le maireachtáil ann. Tréaslaím leo agus táim ag súil go mór bualadh leo nuair a thiocfaidh siad go hÉirinn”.

Seo a leanas faighteoirí Ghradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin do 2014:

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt

Fionnula Flanagan (Na Stáit Aontaithe)
Thomas Kenneally (An Astráil)

Oibreacha Carthanacha

An tAthair PJ McGlinchey (An Chóiré)

Gnó agus Oideachas

Jim Flaherty (básaithe, Ceanada)
Catherine Day (EC)
Colm McLoughlin (UAE)

Tacaíocht do Phobal Éireannach

Mary Allen (An Bhreatain)
Avril Conroy (An Rúis)

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

Niall O’Dowd (Na Stáit Aontaithe)
Kevin Cahill (Na Stáit Aontaithe)

Bronnfaidh an tUachtarán Higgins na Gradaim i mí Dheireadh Fómhair.

 

Preasoifig

30 Meán Fómhair 2014