Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fáiltíonn an Tánaiste roimh thoghchán Uachtaráin rathúil san Úcráin

 

D’fháiltigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, TD, roimh rannpháirtíocht dhearfach phobal na hÚcráine sa toghchán Uachtaráin ar an Domhnach.

Ag labhairt dó tar éis an toghcháin in ar toghadh Petro Poroshenko le tromlach glan, dúirt an Tánaiste:

“Fáiltím roimh an tacaíocht a léirigh pobal na hÚcráine don phróiseas daonlathach trí vóta a chaitheamh i dtoghchán Uachtaráin stairiúla an lae inné. Tá an toghchán seo ríthábhachtach maidir le cead a thabhairt do mhuintir na hÚcráine a dtodhchaí féin a roghnú agus réiteach polaitiúil atá cuimsitheach agus ionadaíoch a chinntiú.

“Cé go raibh deacrachtaí ag baint le reáchtáil an toghcháin in oirthear na hÚcráine de bharr cúrsaí slándála ansin, in áiteanna eile d’úsáid na milliúin gnáthshaoránach a gceart daonlathach treo a dtíre sa todhchaí a roghnú.”

Ghabh an Tánaiste buíochas freisin leis na seacht mbreathnóir Éireannach déag a ghlac páirt i monatóireacht toghcháin an OSCE:

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don chion tairbhe tábhachtach a rinne na seacht mbreathnóir déag Éireannach a ghlac páirt i misean an OSCE/ODIHR. Léiríonn a rannpháirtíocht tacaíocht láidir na hÉireann don Úcráin agus dul chun cinn á dhéanamh aici i dtreo na síochána agus na cobhsaíochta.

“Fáiltím roimh réamh-mheasúnú mhisean breathnóireachta toghcháin an OSCE chun na hÚcráine, a thug ar aird, ainneoin na gcúrsaí dúshlánacha ar an láthair, an líon ard lucht vótála agus a d’aithin rún soiléir na n-údarás toghchán a reáchtáil a bhí ag teacht den chuid is mó le gealltanais idirnáisiúnta.”

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

26 Bealtaine 2014